Bíobla Naofa 1981
|
| 1 |
| Tháinig Iahóiseáfát a mhac i gcomharbacht air agus dhaingnigh sé a cheannas ar Iosrael. |
| 2 |
| Chuir sé buíonta saighdiúirí i gcathracha daingne Iúdá go léir, agus cheap sé ceannairí i dtír Iúdá agus sna bailte in Eafráim a ghabh a athair Ásá. |
| 3 |
| Bhí an Tiarna i dteannta Iahóiseáfát mar gur lean sé sampla a athar mar a bhí i dtús a résean, agus ní dheachaigh sé i muinín na mBálaím, |
| 4 |
| chloígh sé le Dia a athar, agus lean a aitheanta in áit sampla Iosrael. |
| 5 |
| Dhaingnigh an Tiarna, dá bhrí sin, an ríocht ina ghreim, agus thug Iúdá go léir cáin do Iahóiseáfát, agus bhí saibhreas agus maoin go flúirseach aige. |
| 6 |
| Bhí misneach ina chroí le siúl i gcosáin an Tiarna agus scrios sé arís na hardionaid agus na cuaillí naofa i Iúdá. |
| 7 |
| Sa tríú bliain dá réimeas chuir sé a fheidhmeannaigh: Bein Haíl, Obaidiá, Zacairiá, Natanael agus Míocáiá le teagasc a thabhairt i gcathracha Iúdá. |
| 8 |
| Ghabh na Léivítigh seo leanas leosan: Seamaiá, Natainiá, Zabaidiá, Asáhael, Simíreámót, Iahónátan, Adoiníá, Tóibíá agus Tób Adóinía. Léivítigh iadsan, agus in éineacht leo bhí na sagairt Eilíseámá agus Iahórám. |
| 9 |
| Rinne siad teagasc in Iúdá agus leabhar dhlí an Tiarna acu agus chuaigh siad timpeall cathracha uile Iúdá ag teagasc an phobail. |
| 10 |
| Thit eagla an Tiarna ar ríochtaí uile na gcríoch i gcóngar Iúdá agus ní dhearna siad cogadh ar Iahóiseáfát. |
| 11 |
| Thug cuid de na Filistínigh bronntanais go dtí Iahóiseáfát agus airgead mar cháin; thug na hArabaigh féin seacht míle seacht gcéad reithe agus seacht míle seacht gcéad pocán gabhair. |
| 12 |
| Chuaigh Iahóiseáfát i neart agus i neart. Thóg sé daingin agus cathracha stóir in Iúdá; |
| 13 |
| bhí lón mór aige i gcathracha Iúdá. Bhí buíon saighdiúirí gaiscígh ghroí, in Iarúsailéim. |
| 14 |
| Seo mar a rangaíodh iad de réir finí: de Iúdá, mar cheannairí míle: Adná an ceannaire le trí chéad míle curadh calma; |
| 15 |
| faoina cheannas-san Iahóchánán an ceannaire le dhá chéad agus a hochtó míle fear; |
| 16 |
| faoina cheannas-san Amásá mac Zicrí, óglach i seirbhís an Tiarna, le dhá chéad míle curadh calma. |
| 17 |
| De Bhiniáimin: Eiliádá gaiscíoch calma, le dhá chéad míle fear iompartha bogha agus scéithe; |
| 18 |
| faoina cheannas-san Iahózábád le céad agus a hochtó míle armtha chun cogaidh. |
| 19 |
| Sin iad na fir a bhí ag déanamh seirbhíse don rí seachas an mhuintir a chuir an rí san cathracha daingne ar fud Iúdá ar fad |
|
| Sábháil Nótaí |
https://beblia.bible:81/BibleAudio/irish/2chronicles/017.mp3
36
17