Bíobla Naofa 1981
|
| 1 |
| Bhí Iahóiseáfát faoi bhláth maoine agus onóra, agus rinne sé cleamhnas le hAcháb. |
| 2 |
| Tar éis roinnt blianta thug sé turas ar Acháb sa tSamáir. Mharaigh Acháb líon mór caorach agus damh dó féin agus dá lucht leanúna lena áiteamh air Rámot Gileád a ionsaí. |
| 3 |
| Chuir Acháb rí Iosrael ceist ar Iahóiseáfát rí Iúdá: «An dtiocfaidh tú liom go Rámot Gileád?» D' fhreagair Iahóiseáfát: «Táimse chomh hullamh chun catha leat féin, agus mo mhuintirse le do mhuintirse.» |
| 4 |
| Ach dúirt Iahóiseáfát le rí Iosrael: «Faigh ar dtús comhairle an Tiarna.» |
| 5 |
| Chruinnigh rí Iosrael na fáithe le chéile, dá bhrí sin, ceithre chéad díobh. «Ar chóir dúinn dul agus Rámot Gileád a ionsaí,» d' fhiafraigh sé díobh, «nó éirí as?» «Téigh,» ar siad, «mar tabharfaidh an Tiarna i lámha an rí é.» |
| 6 |
| Ach dúirt Iahóiseáfát: «An bhfuil aon fháidh eile leis an Tiarna anseo againn le dul i gcomhairle leis?» |
| 7 |
| D' fhreagair rí Iosrael Iahóiseáfát: «Tá aon duine amháin eile lenar féidir linn comhairle an Tiarna a fháil, ach is gráin liom é mar nach mbíonn riamh tairngreacht fhónta aige domsa, ach drochchinn i gcónaí; Míocáia mac Imleá an duine sin.» «Níor chóir don rí a leithéid sin a rá,» arsa Iahóiseáfát. |
| 8 |
| Chuir rí Iosrael fios ar dhuine de na coillteáin dá bhrí sin agus dúirt: «Tabhair Míocáia mac Imleá chugam gan mhoill.» |
| 9 |
| Bhí rí Iosrael agus Iahóiseáfát rí Iúdá ina suí ina ríchathaoireacha ina lánlibhré ag an urlár buailte ag geata na Samáire agus na fáithe go léir ag fáidheoireacht os a gcomhair. |
| 10 |
| Bhí adharca iarainn déanta ag Zidicíá mac Chanáná dó féin. «Seo mar a deir an Tiarna:» ar sé, «' Déanfaidh tú na hAramaeigh a ropadh leo seo go dtí go scriosfaidh tú iad.'» |
| 11 |
| Rinne na fáithe go léir an tairngreacht chéanna: «Gluais leat go Rámot Gileád,» ar siad, «agus beir bua. Tabharfaidh an Tiarna i lámha an rí é.» |
| 12 |
| An teachtaire a chuaigh ag triall ar Mhíocáia, dúirt sé leis: «Seo iad na fáithe go léir ag labhairt ar aon fhocal le dea-thuar don rí. Labhairse ar aon dul leo agus déan tairngreacht fhabhrach.» |
| 13 |
| Ach d' fhreagair Míocáia: «Dar an Tiarna beo, cibé a déarfaidh mo Dhia, sin é an briathar a labhróidh mé.» |
| 14 |
| Nuair a tháinig sé chun an rí, dúirt an rí: «A Mhíocáia, ar chóir dúinn dul agus Rámot Gileád a ionsaí, nó ligean dó?» D' fhreagair sé: «Gluaisigí agus beirigí bua! Tabharfar in bhur lámha iad.» |
| 15 |
| Ach dúirt an rí: «An minic a chaithfidh mé thú a chur faoi bhrí na mionn gan ach an fhírinne a rá liom in ainm an Tiarna?» |
| 16 |
| Ansin labhair Míocáia: «Chonaic mé Iosrael go léir scáinte ar na sléibhte mar chaoirigh gan aoire, agus dúirt an Tiarna: 'Níl maistir orthu; téadh gach duine abhaile faoi shíocháin.'» |
| 17 |
| Ansin dúirt rí Iosrael le Iahóiseáfát: «Nár dhúirt mé nach maith a thairngríonn sé dom riamh ach olc.» |
| 18 |
| Lean Míocáia air: «Éist más ea le briathar an Tiarna. Chonaic mé an Tiarna ina shuí ina ríchathaoir; bhí slua neimhe go léir ina seasamh ina láthair ar dheis agus ar a chlé. |
| 19 |
| Dúirt an Tiarna: 'Cé mheallfaidh Acháb chun fód a bháis ag Rámot Gileád?' Dúirt cuid díobh seo agus a thuilleadh siúd. |
| 20 |
| Ansin tháinig spiorad ar aghaidh agus sheas os comhair an Tiarna: 'Déanfaidh mise é a mhealladh,' ar sé. ' Conas?' arsa an Tiarna. |
| 21 |
| D' fhreagair sé: 'Imeoidh mé agus beidh mé i mo spiorad éithigh i mbéal a fháithe go léir.' ' Meallfaidh tú é,' arsa an Tiarna, ' rithfidh leat. Téigh agus déan é.' |
| 22 |
| Féach anois, más ea, mar a chuir an Tiarna spiorad éithigh i mbéal d' fháithe anseo. Ach tá tubaiste fógartha ag an Tiarna i d' aghaidh.» |
| 23 |
| Tháinig Zidicíá mac Chanáná chun tosaigh ansin agus bhuail sé Míocáia i gcorrán a ghéill, agus dúirt: «Conas a d' fhág spiorad an Tiarna mise le labhairt leatsa?» |
| 24 |
| «Sin rud a gheobhaidh tú amach,» d' fhreagair Míocáia, «an lá a theithfidh tú i seomra cúil le dul i bhfolach.» |
| 25 |
| Dúirt rí Iosrael: «Gabhaigí Míocáia agus tugaigí ar láimh é d' Ámón, rialtóir na cathrach, agus don phrionsa Ióáis, |
| 26 |
| agus abraigí: 'Seo iad orduithe an rí: Cuirigí an duine seo i bpríosún agus ná tugaigí mar chothú dó ach arán agus uisce go bhfille mé ar ais slán folláin.'» |
| 27 |
| Dúirt Míocáia: «Má fhilleann tú slán folláin, níor labhair an Tiarna as mo bhéal.» (Agus dúirt sé: «Éistigí, a chiníocha go léir.») |
| 28 |
| Chuaigh rí Iosrael agus Iahóiseáfát rí Iúdá suas in aghaidh Rámot Gileád. |
| 29 |
| Dúirt rí Iosrael le Iahóiseáfát: «Cuirfidh mé bréagriocht orm féin agus mé ag dul sa chath, ach bíodh d' éidí rí ortsa.» Chuir rí Iosrael bréagriocht air féin agus chuaigh isteach sa chath. |
| 30 |
| Thug rí Arám ordú dá cheannairí carbad: «Ná tugaigí fogha faoi aon duine beag ná mór, ach faoi rí Iosrael.» |
| 31 |
| Nuair a chonaic ceannairí na gcarbad Iahóiseáfát dúradar: «Sin é ar ndóigh, rí Iosrael,» agus d' iompaíodar air. Ach chuir Iahóiseáfát gáir suas, agus tháinig an Tiarna i gcabhair air agus chuir Dia iad dá n-ionsaí air, |
| 32 |
| agus thuig ceannairí na gcarbad nárbh é rí Iosrael é, agus d' éiríodar as an tóir. |
| 33 |
| Ach tharraing duine de na saighdiúirí a bhogha de bhuille faoi thuairim, agus bhuail sé rí Iosrael idir éide chatha agus lúireach: «Iompaigh timpeall,» arsa an rí lena charbadóir, «agus beir leat as an gcath mé mar táim gonta.» |
| 34 |
| Ach ghéaraigh ar an gcath i gcaitheamh an lae; choimeád an rí é féin ina sheasamh ina charbad le teanntaí agus a aghaidh ar na hAramaeigh go tráthnóna; agus d' éag sé le fuineadh an lae. |
|
| Sábháil Nótaí |
https://beblia.bible:81/BibleAudio/irish/2chronicles/018.mp3
36
18