Bíobla Naofa 1981
|
| 1 |
| D' fhill Iahóiseáfát rí Iúdá abhaile slán folláin go Iarúsailéim. |
| 2 |
| Ghabh Iéahú mac Hanáiní, an físí, amach ina choinne, agus dúirt sé leis an rí Iahóiseáfát: «Ar chóir duit lámh chúnta a thabhairt don choirpeach? Ar chóir duit grá a thabhairt dóibh siúd ar fuath leo an Tiarna agus a fhearg a thabhairt sa mhullach ort dá bharrsan? |
| 3 |
| Tá maitheas éigin ionat mar sin féin mar go bhfuil na cuaillí naofa scriosta as an tír agat, agus tá do chroí dírithe agat ar thóraíocht Dé.» |
| 4 |
| Tar éis tamaill a chaitheamh in Iarúsailéim, thug Iahóiseáfát cuaird ar a phobal ó Bhéar Seaba go hardáin Eafráim, lena dtabhairt ar ais chuig an Tiarna, Dia a sinsear. |
| 5 |
| Cheap sé breithiúna ar fud na tíre i gcathracha daingne Iúdá go léir ceann ar cheann. |
| 6 |
| Dúirt sé leis na breithiúna: «Machnaigí ar bhur ndualgais, mar níl sibh le breith a thabhairt in ainm daoine, ach in ainm an Tiarna; agus bíonn seisean in éineacht libh agus sibh ag tabhairt breithe. |
| 7 |
| Bíodh eagla an Tiarna oraibh anois; tugaigí aire dá mbíonn idir lámha agaibh, mar níl aon bhaint ag an Tiarna ár nDia le calaois ná leathchuma ná le breaba a ghlacadh.» |
| 8 |
| Cheap Iahóiseáfát Léivítigh agus sagairt agus cinn finí Iosraelacha in Iarúsailéim le breith a thabhairt in ainm an Tiarna agus caingne a réiteach. Bhí [a gcúirt acu] in Iarúsailéim, |
| 9 |
| agus thug Iahóiseáfát na treoracha seo leanas dóibh: «Comhlíonaigí bhur ndualgais le heagla an Tiarna, go dílis dúthrachtach. |
| 10 |
| Cibé aighneas a chuirfear faoi bhur mbráid ó bhur mbráithre atá ag cur fúthu ina gcathracha is cuma an ceist faoi éiric fola é nó faoin dlí, nó faoi aithne nó ordú, nó reacht ní foláir daoibh iad a theagasc sna cúrsaí sin i dtreo nach mbeidh siad ciontach i láthair an Tiarna, agus nach dtiocfaidh a fhearg oraibh féin agus ar bhur mbráithre. Déanaigí amhlaidh agus ní bheidh sibh ciontach. |
| 11 |
| Beidh Amairiá an t-ardsagart i gceannas agaibh ar chúraimí an Tiarna go léir, agus Zabaidiá mac Ismeáéil, reachtaire theaghlach Iúdá, i gcúraimí an rí. Beidh na Léivítigh agaibh mar scríobhaithe. Bíodh misneach agaibh agus cuirigí na treoracha sin i gcrích, agus beidh an Tiarna ansiúd leis an rath a chur oraibh.» |
|
| Sábháil Nótaí |
https://beblia.bible:81/BibleAudio/irish/2chronicles/019.mp3
36
19