Bhí Uiziá sé bliana déag nuair a tháinig sé i gcoróin agus bhí sé dhá bhliain caogad i réim in Iarúsailéim. Iacoiliá ó Iarúsailéim ab ainm dá mháthair.
Rinne sé an Tiarna a lorg le dúthracht fad a mhair Zacairiá, duine a bhí dulta chun cinn in eagla Dé. Fad a bhí an Tiarna á thóraíocht aige, chuir Dia an rath air.
Ghabh sé amach le cogadh a chur ar na Filistínigh, agus leag sé anuas balla Ghat, agus balla Iaibne, agus balla Aisdeod, agus ansin d' atóg sé cathracha i ndúiche Aisdeod agus i gcríocha na bhFilistíneach.
Thóg sé túir san fhásach, agus thochail sé a lán sistéal mar go raibh an oiread sin tréad aige sna hísleáin agus ar an ardchlár; bhí lucht saothraithe talún agus fíniúna aige ar na cnoic agus ar an talamh méith; ba gheal lena chroí an talamh.
Bhí arm seasmhach aige freisin, saighdiúirí réidh chun cogaidh, roinnte ina ndíormaí de réir áirimh Ieíéil, scríobhaí, agus Mhásaeiá, clárthóir, agus faoi cheannas Hanainiá, duine de cheannasaithe an rí.
Thóg sé innill in Iarúsailéim, innill a cheap saineolaithe, agus chuir ar na túir agus ar na cúinní iad le saigheada agus clocha móra a dhiúracadh. Leath a cháil i bhfad i gcéin; bhí an neart sin go léir ann mar gur gheall le míorúilt a bhfuair sé de chabhair.
Ach de réir mar a tháinig neart ann, bhorr an t-uabhar ina chroí, rud a mhill é. D' fheall sé ar an Tiarna, a Dhia. Chuaigh sé isteach i halla Theampall an Tiarna le túis a dhó ar altóir na túise.
chuireadar in aghaidh Uiziá rí agus dúradar leis: «Ní hé do ghnósa, a Uiziá, túis a dhó don Tiarna, ach gnó na sagart, clann Árón, daoine atá coisricthe ina chomhairsean. Fág an sanctóir! Rinne tú feall; an ghlóir a thagann ón Tiarna, Dia, ní leat a thuilleadh í.»
Tháinig fraoch feirge ar Uiziá, agus an túisteán ina láimh le túis a dhó. Ach fad a bhí an cuthach feirge sin air leis na sagairt bhris lobhra amach ar a éadan i láthair na sagart, i dTeampall an Tiarna ansiúd le hais altóir na túise.
D' fhéach Azairiá, an t-ardsagart, agus na sagairt go léir ina threo agus chonaic siad an lobhra ar a éadan; thiomáineadar amach go tapa é, agus bhí deifir amach air féin, mar gur bhuail an Tiarna é.
Bhí Uiziá rí ina lobhar go lá a bháis agus mhair sé i dteach leis féin gan cead isteach aige i dTeampall an Tiarna, de bharr a lobhra. Bhí a mhac Iótám i bhfeighil an rítheaghlaigh agus i gceannas ar phobal na tíre.