Bíobla Naofa 1981
|
| 1 |
| Bhí Manaise dhá bhliain déag d' aois nuair a tháinig sé i gcoróin, agus bhí sé cúig bliana agus caoga i réim in Iarúsailéim. |
| 2 |
| Rinne sé an t-olc i bhfianaise an Tiarna agus rinne sé aithris ar na nósanna náireacha a chleacht na ciníocha a dhíbir an Tiarna roimh chlann Iosrael. |
| 3 |
| Thóg sé arís na hardionaid a scrios a athair Hiziciá agus chuir sé suas altóirí do na Bálaím, agus rinne cuaillí naofa, agus thug sé ómós do shluaite uile na spéire agus rinne seirbhís dóibh. |
| 4 |
| Thóg sé altóirí i dTeampall an Tiarna a ndúirt an Tiarna faoi: «Beidh m' ainm in Iarúsailéim go brách.» |
| 5 |
| Thog sé altóirí do shluaite uile na spéire i dhá chúirt Theampall an Tiarna. |
| 6 |
| Chuir sé iallach ar a chlann mhac gabháil tríd an tine i nGleann Bhein Hionom. Chleacht sé fáistineoireacht, draíocht agus piseoga, agus phléigh sé le lucht asarlaíochta agus feasa. Rinne sé a lán eile oilc i bhfianaise an Tiarna, á ghriogadh chun feirge. |
| 7 |
| An íomhá ghreanta d' íol a rinne sé, chuir sé suas í sa Teampall a ndúirt an Tiarna le Dáiví agus le Solamh a mhac faoi: «Sa Teampall seo, agus in Iarúsailéim, an chathair a thogh mé as treibheanna Iosrael go léir, is ea a thabharfaidh mé áit lonnaithe do m' ainm go brách. |
| 8 |
| Ní thabharfaidh mé a thuilleadh ar chosa Iosrael dul ar fán ón tír a thug mé dá sinsir, ar choinníoll go gcomhlíonfaidh siad gach ar ordaigh mé dóibh de réir an dlí go léir, na reachtanna agus na bhforálacha, a thug mé trí Mhaois.» |
| 9 |
| Mheall Manaise Iúdá agus áitritheoirí Iarúsailéim le níos mó oilc a dhéanamh ná na náisiúin a scrios an Tiarna roimh chlann Iosrael. |
| 10 |
| Labhair an Tiarna le Manaise agus lena phobal, ach níor thug siad aird air. |
| 11 |
| Chuir an Tiarna taoisigh airm rí na hAsaíre ina gcoinne agus ghabh siad Manaise le duáin, agus chuir geimhle cré-umha air agus thug siad leo go dtí an Bhablóin é. |
| 12 |
| Nuair a bhí sé i gcruachás d' impigh sé ar an Tiarna a Dhia a bheith cineálta leis agus d' umhlaigh sé é féin i láthair Dhia a shinsear. |
| 13 |
| Ghuigh sé chuige agus thug seisean cluas dó agus d' éist lena urnaithe agus thug ar ais go Iarúsailéim agus chun a ríochta é. Thuig Manaise ansin gur Dia é an Tiarna. |
| 14 |
| Thóg sé balla seachtrach ansin do chathair Dháiví sa ghleann laistiar de Ghíohón, ar aghaidh go dtí Geata an Éisc; ghabh sé timpeall an Oifil, agus chuir sé go mór lena airde. Cheap sé freisin ceannairí airm i ngach cathair dhaingean de chuid Iúdá. |
| 15 |
| Ansin thóg sé chun siúil na déithe iasachta agus an t-íol ó Theampall an Tiarna, agus na haltóirí go léir a thóg sé ar shliabh Theampall an Tiarna agus in Iarúsailéim, agus chaith amach as an gcathair iad. |
| 16 |
| D' atóg sé altóir an Tiarna agus d' ofráil sé íobairtí síochána agus buíochais uirthi, agus d' ordaigh sé do Iúdá seirbhís a dhéanamh don Tiarna, Dia Iosrael. |
| 17 |
| Lean na daoine orthu ag íobairt ar na hardionaid, ámh, ach don Tiarna a nDia amháin. |
| 18 |
| An chuid eile de stair Mhanaise, a urnaí chun a Dhé, agus focail na bhfísithe a labhraíodh leis in ainm an Tiarna, Dia Iosrael, tá siad le fáil in Annála Ríthe Iosrael. |
| 19 |
| A urnaí, conas mar a ghéill Dia dá urnaí, a pheacaí agus a mhídhílse, na láithreacha inar thóg sé ardionaid, agus inar chuir sé cuaillí naofa agus íola ina seasamh, sular umhlaigh sé é féin, tá sin uile scríofa in Annála [na bhFísithe]. |
| 20 |
| Ansin chuaigh Manaise chun suain lena shinsir, agus d' adhlacadar ina phálás é, agus tháinig a mhac Ámón i gcoróin ina áit. |
| 21 |
| Bhí Ámón dhá bhliain agus fiche d' aois nuair a tháinig sé i gcoróin, agus bhí sé dhá bhliain i gcoróin in Iarúsailéim. |
| 22 |
| Rinne sé an t-olc i bhfianaise an Tiarna faoi mar a rinne Manaise a athair. D' ofráil sé íobairtí agus ómós do na híola go léir a rinne Manaise a athair. |
| 23 |
| Níor umhlaigh sé i láthair an Tiarna, mar a d' umhlaigh Manaise a athair, ach bá é an tÁmón céanna seo a chuir chomh mór sin le ciontacht [Iúdá]. |
| 24 |
| Rinne a fheidhmeannaigh comhcheilg ina aghaidh agus mharaigh siad é ina theach. |
| 25 |
| Ach rinne muintir na tuaithe iad siúd a rinne comhcheilg in aghaidh an rí, Ámón, a chur chun báis agus d' fhógair siad a mhac Ióisíá ina rí ina áit. |
|
| Sábháil Nótaí |
https://beblia.bible:81/BibleAudio/irish/2chronicles/033.mp3
36
33