Rinne sé an mhuir de mhiotal leáite, deich mbanlámh ó chiumhais go ciumhais, déanamh cruinn uirthi agus í cúig bhanlámh ar airde; dorú tríocha banlámh ar fhad a thomhais a himlíne.
Timpeall uirthi go léir thíos fúithi, bhí ainmhithe mar a bheadh daimh; ghabh siad timpeall na mara ar feadh tríocha banlámh, agus na daimh ina dhá sraith, agus teilgeadh iad leis an gcuid eile.
Bhí sí ina luí ar dhá dhamh déag, trí cinn agus a n-aghaidh ó thuaidh, trí cinn agus a n-aghaidh siar, trí cinn agus a n-aghaidh ó dheas, trí cinn agus a n-aghaidh soir. Leagadh an mhuir orthusan, agus a gceathrúna go léir isteach i dtreo a chéile.
Rinne sé deich mbáisíní agus leag cúig cinn díobh ar dheis, agus cúig cinn ar chlé, le haghaidh an íobartaigh don uileloscadh a ní ansiúd; ba do na sagairt le hionladh inti an mhuir.
an ceithre chéad pomagránait don dá shraith fiolagráin; bhí na pomagránaití ar gach ceann de na fiolagráin in dhá sraith (leis an dá mhúnláil ar na mullaí ar bharr na gcolún a chumhdach);
na luaithreáin, na sluaistí, na gabhla agus na gréithe go léir a ghabh leo siúd a rinne Húrám Áibí de chré-umha líofa do Sholamh rí, do Theampall an Tiarna.
na smóladáin, na babhlaí, na loingíní túise, na túisteáin, d' ór fíre; doras an Teampaill, na doirse inmheánacha don áit shárnaofa, agus doirse halla an Teampaill, d' ór fíre.