Bíobla Naofa 1981
|
| 1 |
| Nuair a leath clú Sholaimh amach fad le banríon Sheabá tháinig sí ag triall air go Iarúsailéim chun é a phromhadh le ceisteanna crua. Thug sí ollsaibhreas léi, camaill faoi ualach spíosraí, na múrtha óir agus líoga lómhara. Ar theacht go Solamh di, labhair sí leis go neamhbhalbh, |
| 2 |
| agus bhí freagra ag Solamh ar gach ceist dár chuir sí; ní raibh ceann ar bith acu róchasta le míniú ag Solamh. |
| 3 |
| Nuair a chonaic banríon Sheabá chomh críonna ar fad agus a bhí Solamh, an pálás a bhí tógtha aige, |
| 4 |
| bia an bhoird agus an chóir a bhí ar a oifigigh, eagrú a lucht freastail, agus an feisteas a bhí orthu, lucht iompartha na gcorn aige agus na híobairtí dóite a d' ofráladh sé i dTeampall an Tiarna baineadh stangadh aisti, |
| 5 |
| agus dúirt sí leis an rí: «Ba í an fhírinne, mar sin, a chuala mé i mo thír féin fút agus faoi do chríonnacht! |
| 6 |
| Go dtí gur tháinig mé agus go bhfaca mé le mo shúile cinn é, níorbh fhéidir liom an tuairisc a chreidiúint; ach is léir nár insíodh dom faoi leath do chríonnacht éachtach dáiríre; sáraíonn tú an tuairisc a chuala mé. |
| 7 |
| Nach méanar do do mhná céile! |
| 8 |
| Nach méanar do na seirbhísigh seo agat a bhíonn ag síorfhreastal ort agus a chluineann do chríonnacht. |
| 9 |
| Moladh leis an Tiarna do Dhia a bhronn an chomaoin seo ort agus a chuir ar a ríchathaoir thú mar rí [in ainm] an Tiarna do Dhia. De bhrí go bhfuil grá bithbhuan ag an Tiarna do Iosrael, agus gur mian leis é chothú go brách, rinne sé rí díotsa chun an dlí agus an ceart a riar.» Bhronn sí céad fiche tallann óir ar an rí agus lear mór spíosraí agus líoga lómhara. Ní raibh riamh spíosraí mar iad siúd a thug banríon Sheabá do Sholamh rí. |
| 10 |
| Ar an tslí chéanna, na searbhóntaí úd Húrám agus Sholaimh a bhí ag tabhairt óir ó Óifír, thug siad leo adhmad algum agus líoga lómhara. |
| 11 |
| Rinne an rí cláir urláir do Theampall an Tiarna agus don phálás ríoga, agus cruiteanna agus cláirseacha don lucht ceoil, den adhmad algum; ní fhacthas a leithéid riamh roimhe sin i dtír Iúdá. |
| 12 |
| Agus bhronn Solamh rí ar bhanríon Sheabá gach arbh áil léi seachas a raibh tugtha chun an rí aici a thabhairt ar ais. Ansin d' imigh sí léi abhaile chun a tíre féin, í féin agus a searbhóntaí. |
| 13 |
| Sé chéad agus a seasca sé tallann óir an meáchan óir a thagadh go Solamh le haghaidh na bliana, |
| 14 |
| seachas a dtagadh chuige ón lucht trádála agus ceannaithe, agus a dtagadh d' ór agus d' airgead go Solamh ó ríthe na hAráibe agus ó rialtóirí na tíre. |
| 15 |
| Rinne Solamh rí dhá chéad sciath d' ór ceárta; chuaigh sé chéad seicil óir i ngach sciath. |
| 16 |
| Agus rinne sé trí chéad sciath beag d' ór ceárta agus chuaigh trí chéad seicil óir i ngach sciath agus chuir an rí iad i Halla Fhoraois na Liobáine. |
| 17 |
| Rinne an rí chomh maith ríchathaoir mhór eabhair, agus chumhdaigh í le hór athleáite. |
| 18 |
| Bhí sé chéim chun na ríchathaoireach agus bhí uan óir ar a cúl, agus taca uillinne ar gach taobh den ríchathaoir; bhí dhá leon ina seasamh le taobh na dtacaí, |
| 19 |
| agus dhá leon déag ina seasamh ansiúd, leon ag dhá cheann gach céime de na sé ceimeanna. Ní dhearnadh a leithéid de ríchathaoir riamh in aon ríocht eile. |
| 20 |
| Ba d' ór soithí óil Sholaimh go léir, agus ba d' ór fíre gréithe uile Halla Fhoraois na Liobáine, gan aon ní d' airgead, mar ba bheag an meas a bhí ar airgead le linn Sholaimh. |
| 21 |
| Théadh longa an rí go Tairsís in éineacht le searbhóntaí Húrám. Uair gach trí bliana thagadh cabhlach Thairsís le hór, airgead, eabhar, ápaí agus bábúin. |
| 22 |
| Sháraigh Solamh rí ríthe an domhain go léir ar shaibhreas agus ar eagna. |
| 23 |
| Thagadh an saol mór go léir ar lorg éisteacht ó Sholamh ionas go gcloisfidís an eagna a chuir Dia ina chroí, |
| 24 |
| agus thugadh gach duine díobh a thabhartas féin leis soithí óir, soithí airgid, fallaingí, airm, spíosraí, capaill agus miúileanna. Agus mar sin a bhí bliain i ndiaidh na bliana. |
| 25 |
| Bhí ceithre mhíle mainséar ag Solamh dá chapaill agus dá charbaid, agus dhá mhíle dhéag marcach; bhuanaigh sé iadsan sna cathracha carbad agus in aice an rí in Iarúsailéim. |
| 26 |
| Bhí sé i gceannas ar na ríthe go léir ón Eofrataes go tír na bhFilistíneach agus go teorainn na hÉigipte. |
| 27 |
| D' fhág an rí go raibh airgead chomh coiteann céanna le clocha in Iarúsailéim agus céadair chomh flúirseach le seiceamair na nÍsleán. |
| 28 |
| Dhéantaí capaill Sholaimh a allmhairiú ó Chilicia agus ó na tíortha eile go léir chomh maith. |
| 29 |
| An chuid eile de stair Sholaimh ó thús deireadh, nach bhfuil sí go léir scríofa i Stair Nátán an fáidh, i dtairngreacht Aichíá ó Shileo, agus i bhfíseanna Ideo an físí faoi Iarobám mac Nabát. |
| 30 |
| Mhair réimeas Sholaimh, in Iarúsailéim, ar Iosrael go léir, daichead bliain. |
| 31 |
| Ansin chuaigh Solamh chun suain lena shinsir agus cuireadh é i gcathair Dháiví a athair. Tháinig Rachabám a mhac i gcomharbacht air. |
|
| Sábháil Nótaí |
https://beblia.bible:81/BibleAudio/irish/2chronicles/009.mp3
36
9