×

Bíobla Naomhtha 1817

Eazrá 1

1
Anois annsa chédbhlíadhain do Chírus rígh na Persia, (chor go ccoimhlíontaoi bríathar an TIGHEARNA le béul Ieremiah), do chorruigh an TIGHEARNA súas spiorad Chírus rígh na Persia, go ttug fúagra ar feadh a rioghachta, agus gur chuir fós a scríbhinn é, gha rádh,
2
Is marso a deir Círus rígh na Persia, Thug an TIGHEARNA Día nimhe dhamhsa uile rioghachta na talmhan; agus do chur sé do chúram orm tigh do dhéanamh dhó ann Ierusalem, noch atá an Iúdah.
3
Cía atá eadruibhse uile dá dháoinibh uíle? biodh a Dhía maille ris, agus imthigheadh sé súas go Ierusalem, noch atá ann Iúdah, agus cuireadh sé súas tigh an TIGHEARNA Día Israel, (isé sin an Día,) noch atá ann Ierusalem.
4
Agus gídh bé ar bith chomhnuighios a náonbhall mar a bhfuil sé air cúairt, tugaidís daóine na ccríochsin cungnamh dho a nairgiod, agus a nór, agus a maoin, agus a nainmhintibh, táobh amuigh do nofráil áontadhuigh chum tighe Dé atá ann Ierusalem.
5
¶ Annsin déirgheadar roighne aithreadh Iúdah agus Bheniamin na seasamh, agus na sagairt, agus na Lebhitigh, maille ris a nuile dhuine dar thóg Día a spiorad, do dhul súas do dhéanamh tighe an TIGHEARNA atá ann Ierusalem.
6
Agus an mhéid do bhí gach táobh dhíobh thugadar cungnamh dhóibh do shoithighibh dairgiod, agus dór, agus do mhaoin, agus dáirnéis, agus do neithibh mórlúaigh, táobh amuigh do nuile ní dar tiodhlaiceadh go toileamhuil.
7
¶ Mar an ccéadna thug Círus an rígh amach soithighe thighe an TIGHEARNA, noch thug Nebuchadnessar amach as Ierusalem, agus do chuir sé a ttigh a dhé íad;
8
Iad sin féin thug Círus rígh na Persia amach le láimh Mhitredat an oirchisdéoir, agus do áirimh sé íad chum Sesbassar, prionnsa Iúdah.
9
Agus isí so a núibhir: tríochad mías óir, míle mías airgid, náoi sceana fithchiod,
10
Triochad báisín óir, báisínigh airgid don dara sórt ceithre chéud agus a deich, agus do shoithighibh oile míle.
11
Na soithighe uilé dór agus dairgiod bá cúig mhíle agus ceithre chéud íad. Thug Sesbassar íadso uile leis súas maille ris na bráighdibh noch rugadh súas ón Bhabilon go Hierusalem.
Irish Bible 1817
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817. Maintained by the British and Foreign Bible Society (BFBS) on behalf of the National Bible Society of Ireland (NBSI) and the Bible Society in Northern Ireland (BSNI)
:
Sábháil Nótaí