Sa chéad bhliain de réimeas an rí Cíoras, thug Cíoras rí forógra: Teampall Dé in Iarúsailéim: Déantar an Teampall a atógáil mar áit ina n-ofrálfar íobairtí agus ina dtabharfar ofrálacha [le dó]. Bíodh sé trí fichid banlámh ar fad agus trí fichid banlámh ar leithead.
Na soithí óir agus airgid, le Teampall Dé, a thóg Nabúcadnazar ón sanctóir in Iarúsailéim, agus a thug sé leis go dtí an Bhablóin, tugtar ar ais iad, i dtreo go ndéanfar gach ní a thabhairt ar ais go dtí an sanctóir in Iarúsailéim agus go gcuirfear isteach i dTeampall Dé arís iad.»
«Uime sin, a Thatanai, gobharnóir an chúige thar Eofrataes, a Sheatar Bózanaí agus sibhse a chomhghleacaithe leo, a fheidhmeannacha an chúige thar Eofrataes, imígí ón áit sin,
Agus tugaim foláireamh daoibh gur mar seo a chúideoidh sibh le seanóirí na nGiúdach Teampall seo Dé a atógáil: díoltar an costas go hiomlán gan mhoill leis na fir seo as an gcáin ríoga, is é sin, as cíos an chúige thar Eofrataes.
Agus cibé rud a bheidh de dhíth orthu do na híobairtí dóite do Dhia neimhe tairbh óga, reithí, uain, nó cruithneacht, salann, fíon, ola tugtar dóibh é le haghaidh an lae, gan teip de réir mar a éileoidh sagairt Iarúsailéim,
Tá an reacht seo á dhéanamh agam chomh maith: má sháraíonn aon duine an forógra seo, déantar cearchaill a staitheadh as a theach, déantar é a chéasadh uirthi, agus déantar carn aoiligh dá theach.
An Dia a chuir a ainm chun lonnaithe ann, go dtreascra sé aon rí nó aon dream a mbeidh sé de dhánaíocht iontu é seo a shárú agus Teampall Dé in Iarúsailéim a scrios! Mise, Dáire, a thug an forógra seo. Déantar é a chomhlíonadh go beacht!»
Thug siad an tógáil chun críche de réir ordú Dhia Iosrael agus ordú Chíorais agus Dháire (agus Artaxarxaes rí na Peirse). Críochnaíodh an Teampall seo ar an tríú lá fichead de mhí Adár, sa séú bliain de réimeas Dháire rí.
Do choisreacan Theampaill seo Dé d' ofráil siad céad tarbh, dhá chéad reithe, ceithre chéad caora, agus dá phocán déag mar íobairt pheaca thar ceann Iosrael go léir, ag freagairt do líon treibheanna Iosrael.
Ansin cheap siad na sagairt de réir a n-ord, agus na Léivítigh de réir a ranganna, chun freastal a dhéanamh i dTeampall Dé in Iarúsailéim, mar atá scríofa i Leabhar Mhaois.
Bhí na sagairt agus na Léivítigh tar éis iad féin a íonghlanadh in éineacht; bhí siad uile glan agus mharaigh siad an t-uan Cásca thar ceann na ndeoraithe go léir a d' fhill, thar ceann a mbráithre na sagairt agus thar a gceann féin.
D' ith an mhuintir seo leanas an Cháisc: na hIosraelaigh go léir a d' fhill óna ndeoraíocht, agus iad siúd go léir a scar le truaillitheacht a gcomharsana máguaird agus a ghabh leo ag adhradh an Tiarna, Dia Iosrael
Cheiliúir siad féile an tSlimaráin ar feadh seacht lá le háthas croí, mar thug an Tiarna ábhar lúcháire dóibh, mar gur bhog sé croí rí na hAsaíre le misneach a thabhairt dóibh i mbun a saothair ar Theampall an Tiarna, Dia Iosrael.