Chruinnigh mé iad go bruach na habhann a shníonn go hAhavá agus shuíomar campa ansiúd ar feadh trí lá. Rinne mé iniúchadh orthu agus chonaic mé tuataí agus sagairt ina measc, ach gan aon Léivítigh.
agus sheol mé iad go hIdeo ceannasaí shanctóir Chásaifiá; d' inis mé dóibh an teachtaireacht a bhí le tabhairt acu do Ideo agus dá bhráithre a bhí ag cur fúthu i sanctóir Chásaifiá.i. searbhóntaí a sholáthar dúinn do Theampall ár nDé.
Ansin, a bhuí le gnaoi ár nDé a bhí orainn, chuir siad chugainn fear éirimiúil, de chlann Mhailí mhic Léiví mhic Iosrael, Séiribiá lena chlann mhac agus lena ghaolta, ochtar déag ar fad;
agus seachas sin dhá chéad agus a fiche tíolacthach de na tíolacthaigh a cheap Dáiví agus a fheidhmeannaigh le freastal ar na Léivítigh. Cláraíodh an mhuintir sin go léir ó ainm.
D' fhógair mé troscadh ansiúd, ansiúd cois abhann Ahavá, d' fhonn go ndéanfaimis sinn féin a umhlú os comhair ar nDé agus go n-iarrfaimis air go n-éireodh ár mbóthar linn féin, lenár gclann agus lenár maoin.
Óir ba leasc liom cuideachta saighdiúirí agus marcshlua a lorg ar an rí le sinn a chosaint ón namhaid ar an tslí mar bhí sé ráite cheana féin againn leis an rí: «Tá láimh ar nDé leata mar sciath chosanta ar cách a lorgann é, agus a neart agus a fhearg ar chách a thugann cúl leis.»
thomhais mé amach chucu an t-airgead, an t-ór, na soithí, agus na hofrálacha a thoirbhir an rí agus a chomhairleoirí agus a mhaithe, agus na hIosraelaigh go léir a bhí i láthair, do Theampall ár nDé.
Tugaigí aire dóibh agus coinnigí slán iad nó go dtomhaisfidh sibh iad i láthair na bpríomhshagart, na Léivíteach agus chinn finí Iosrael in Iarúsailéim i seomraí Theampall an Tiarna.»
Ghlac na sagairt agus na Léivítigh cúram an airgid, an óir agus na soithí, a tomhaiseadh, orthu féin, lena dtabhairt go Iarúsailéim go Teampall ar nDé.
Ar an dara lá déag den chéad mhí d' fhágamar abhainn Ahavá ar ár mbealach go Iarúsailéim; bhí gnaoi ár nDé orainn agus chosain sé ar an tslí sinn ó naimhde agus ó róbálaithe.
Ar an gceathrú lá tomhaiseadh an t-ór agus an t-airgead i dTeampall ár nDé agus tugadh iad ar a lámha do Mharaemót an sagart, mac Úiríá, agus mar aon leis bhí Eileázár mac Phíneachás; agus ina dteannta bhí na Léivítigh Iózábád mac Iéisiúa agus Nóaidiá mac Bhionúi.
Um an dtaca sin rinne an mhuintir a d' fhill ón mbraighdeanas, na deoraithe go léir a d' fhill, íobairtí uileloiscthe a ofráil do Dhia Iosrael, dhá tharbh déag thar ceann Iosrael go léir, nócha sé reithe, seachtó seacht uan, agus, mar ofráil pheaca, dhá phocán déag; ofráladh an t-iomlán mar íobairt uileloiscthe don Tiarna.
Cuireadh na treoracha a thug an rí in iúl d' fheidhmeannaigh an rí agus do ghobharnóirí an chúige thar Eofrataes, agus ansin thugadarsan cabhair don phobal agus do Theampall an Tiarna.