Bíobla Naofa 1981
|
| 1 |
| 2 ar an gcáipéis shéalaithe bhí na hainmneacha seo: Nihimiá mac Hacailiá, Zidiciá, |
| 2 |
| 3 Saráiá, Azairiá, Irimia, |
| 3 |
| 4 Páischiúr, Amairiá, Mailcíveá, |
| 4 |
| 5 Hatúis, Seabainiá, Malúc, |
| 5 |
| 6 Háirim, Maraemót, Obaidiá, |
| 6 |
| 7 Dainéil, Gineatón, Bárúc, |
| 7 |
| 8 Misiulám, Aibíá, Míováimin, |
| 8 |
| 9 Máiziá, Bilgí, Seamaiá; |
| 9 |
| 10 sin iad na sagairt. Ansin na Léivítigh: Iéisiúa mac Azainiá, Bionúi de chlann mhac Haenádád, Caidmíéil, |
| 10 |
| 11 agus a ngaolta Seabainiá, Hóidíá, Cilíteá, Paláiá, Hánán, |
| 11 |
| 12 Míceá, Rachób, Haisibiá, |
| 12 |
| 13 Zacúr, Séiribiá, Seabainiá, |
| 13 |
| 14 Hóidiá, Báiní, Biníniú. |
| 14 |
| 15 Uachtaráin an phobail: Parois, Pachat Móáb, Éalám, Zatú, Báiní, |
| 15 |
| 16 Buiní, Azgád, Baebái, |
| 16 |
| 17 Adoiníá, Bigví, Áidín, |
| 17 |
| 18 Átaer, Hiziciá, Azúr, |
| 18 |
| 19 Hóidiá, Háisium, Baezái, |
| 19 |
| 20 Háiríf, Anatót, Naebái, |
| 20 |
| 21 Maigpíáis, Misiulám, Héizír, |
| 21 |
| 22 Miséazabael, Zádóc, Iadúa, |
| 22 |
| 23 Palaitiá, Hánán, Anáiá, |
| 23 |
| 24 Hóiséa, Hanainiá, Haisiúb, |
| 24 |
| 25 Halóichéis, Pilcheá, Seobaec, |
| 25 |
| 26 Rachúm, Haiseabná, Másaeiá, |
| 26 |
| 27 Aichíá, Hánán, Ánán, |
| 27 |
| 28 Malúc, Hairím, Báná. |
| 28 |
| 29 Agus an chuid eile den phobal, na sagairt, agus na Léivítigh, na gardaí geata, na cantairí, na tíolacthaigh, agus gach duine a scar le bunadh na dtíortha le cloí le dlí Dé; a mná, a gclann mhac agus iníonacha, agus gach duine a bhí tagtha go blianta na tuisceana |
| 29 |
| 30 aontaíonn siad lena ngaolta, agus lena n-uachtaráin, agus gabhann siad orthu de bhrí mionna agus mallachta siúl i gcosán dhlí Dé a tugadh trí Mhaois searbhónta Dé, agus aitheanta uile an Tiarna, ár dTiarna, agus a ghnásanna agus a reachtanna, a chomhlíonadh. |
| 30 |
| 31 De bheachtnithe: Ní thabharfaimid ar n-iníonacha le posadh do phór an tíre, ná ní thógfaimid a n-iníonacha mar mhná dár mic. |
| 31 |
| 32 Má thugann muintir na tíre earraí nó bia ar bith le díol ar an tsabóid, ní cheannóimid aon ní uathu ar shabóid ná ar fhéile. Ní éileoimid [torthaí ar an talamh] gach seachtú bliain agus maithfimid gach fiacha. |
| 32 |
| 33 Tógaimid orainn na dualgais seo leanas: An tríú cuid de sheicil a thabhairt in aghaidh na bliana ar son riachtanais liotúirge Theampall an Tiarna, |
| 33 |
| 34 d' arán na láithreachta, don abhlann bhuan, don íobairt uileloiscthe bhuan, do na híobairtí ar na sabóidí, ar fhéilte na ré nua, ar na sollúntais cheaptha; 35 do na bianna tíolactha, do na híobairtí peaca le leorghníomh a dhéanamh thar ceann Iosrael, do sheirbhísí uile Theampall ár nDé, is é sin. |
| 34 |
| 41 Maidir le soláthairtí adhmaid le dó ar altóir ár nDé faoi mar atá scríofa sa dlí, chuireamar ar cranna é idir sagairt agus Léivítigh agus pobal, agus shocraíomar go ndéanfadh gach teaghlach ar a uain iad a sheachadadh go Teampall an Tiarna ár nDe tráthanna áirithe gach bliain. |
| 35 |
| 36 Ina theannta sin: céadtorthaí ár n-ithreach, agus céadtorthaí torthaí gach crainn a thabhairt gach bliain go Teampall ár nDé, |
| 36 |
| 37 agus céadghin mic ár gclainne, agus céadghin ár n-eallaigh, faoi mar atá scríofa sa dlí do na sagairt ar dualgas i dTeampall an Tiarna céadghin ár dtáinte agus ár dtréada. |
| 37 |
| 40 mar gur go dtí na seomraí sin a thugann na hIosraelaigh agus na Léivítigh a síntiúis arbhair agus fíona agus ola, agus gur iontu a choimeádtar soláthairtí don sanctóir, do na sagairt ar dualgas, do na gardaí geata agus do na cantairí. |
| 38 |
| 39 Beidh sagart, fear de shliocht Árón, i gcuideachta na Léivíteach agus iad ag tobhach na ndeachúna; déanfaidh na Léivítigh deachú de na deachúna a thabhairt suas go Teampall ár nDe, chuig na seomraí, chun an chiste, |
| 39 |
| 38 Tabharfaimid freisin togha ár mine, toradh gach crainn, fíon nua agus ola, chun na sagart, go seomraí Theampall ár nDé; agus go dtí na Léivítigh deachúna na talún; baileoidh na Léivítigh féin na deachúna ónár mbailte go léir faoin tuath. 42 Ní dhéanfaimid faillí go deo arís ar Theampall ár nDe. |
|
| Sábháil Nótaí |
https://beblia.bible:81/BibleAudio/irish/nehemiah/010.mp3
13
10