23 (Maidir leis na Léivítigh) le linn Eiliáisíb, Ióiádá, Ióchánán, Iadúa, scríobhadh i Leabhar na nAnnála ainmneacha cinn finí na sagart, síos go réimeas Dháire, an Peirseach.
25 Cinn finí na Léivíteach: Haisibiá, Séiribiá, Iéisiúa, [Bionúi,] Caidmíéil; agus a ngaolta mar mhalairt cóir d' iomainn mholta agus buíochais, de réir reachtanna Dháiví, giolla Dé, iad buíon ar bhuíon.i.
Nuair a bhí balla Iarúsailéim le coisreacan, cuireadh fios ar na Léivítigh, cibé ball a raibh cónaí orthu, teacht go Iarúsailéim d' fhonn go ndéanfaí an coisreacan a cheiliúradh le hiomainn bhuíochais, le ceol ciombail, cláirsí agus cruite. 28
32 Thug mé faoi deara ansin do cheannairí Iúdá teacht ar bharr an bhalla, agus d' eagraigh mé dhá chór mhóra le buíochas a bhreith agus dul ar mhórshiúl. Ghabh an chéad cheann deiseal ar feadh bharr an bhalla i dtreo Geata an Aoiligh.
36 buíon iadsan a roghnaíodh ó na sagairt agus bhí stoic á n-iompar acu; ansin Zacairiá mac Iónátán, mac Sheamaiá, mac Mhatainiá, mac Mhíocáiá, mac Zacúr, mac Ásáf,
38 Ghabhadar díreach rompu ar aghaidh ag Geata an Tobair taobh leis na céimeanna suas go dúnfort Dháiví, ar feadh barr an bhalla agus suas ard phálás Dháiví go Geata an Uisce ar an taobh thoir.
39 Ghabh an dara cór buíochais tuathal; lean mé féin é, agus leath an phobail, ar feadh barr an bhalla, lastuaidh de Thúr na Sorn, agus chomh fada le [balla na Cearnóige],
44 Ofráladh íobairtí móra an lá sin agus bhí lúcháir ar an bpobal mar gur mhaith an chúis lúcháire a thug Dia dóibh. Bhí lúcháir ar na mná agus ar na leanaí chomh maith agus is fada ó bhaile ab fhéidir gártha áthais Iarúsailéim a chloisteáil.
45 Ceapadh fir ansin le bheith i gceannas na seomraí do na stóir, do na hofrálacha, na céadtorthaí agus na deachúna, d' fhonn go mbaileoidís isteach iontu na sciaranna úd ó na bailte fearainn a dheonaigh an dlí do na sagairt agus do na Léivítigh. Óir ba ábhar áthais ag Iúdá na sagairt agus na Léivítigh i mbun a ndualgas.
46 Iadsan a cheiliúradh liotúirge a nDé agus a dhéanadh cúraimí an íonghlanta agus na cantairí agus na gardaí geata mar aon leo de réir reachtanna Dháiví agus a mhic Solamh.
48 I laethanta Zarubáibil agus Nihimiá dá réir sin bhíodh a sciar cuí le haghaidh an lae á thabhairt ag Iosrael go léir do na cantairí agus do na gardaí geata. Chuiridís a gcuid naofa i leataobh do na Léivítigh, agus chuiridís-sean a gcuid i leataobh do chlann Árón.