Ansin chrom Eiliáisíb an t-ardsagart agus a chomhshagairt ar Gheata na gCaorach a thógáil; [leagadar síos] a ursana agus ghreamaíodar a chomhlaí [a bholtaí agus a bharraí] agus lean siad ar aghaidh go Túr Hananael.
Rinne Ióiádá mac Phásae agus Misiulám mac Bhasóidiá [geata na roinne nua] a dheisiú; leagadar a ursana, ghreamaíodar a chomhlaí, a bholtaí agus a bharraí.
Taobh leosan rinne Úizíéil, ball de chuallacht na ngaibhne óir, deisiú; taobh leis-sean rinne Hanainiá de chuallacht na gcumhróirí deisiú; rinne siad Iarúsailéim a dhaingniú chomh fada le [Balla na Cearnóige];
Rinne Hánún agus áitritheoirí Zánóach Geata an Ghleanna a dheisiú; d' athchóirigh siad é, leag síos a ursana agus ghreamaigh a chomhlaí, a bholtaí agus a bharraí, agus dheisigh siad míle banlámh den bhalla suas go dtí Geata an Aoiligh.
Mailcíveá mac Raecáb, uachtarán dhúiche Bhéit-hac-Ceirim, dheisigh sé Geata an Aoiligh, [é féin agus a chlann mhac]; ghreamaigh sé a chomhlaí, a bholtaí agus a bharraí.
Sealúm mac Chol Hoize, uachtarán dhúiche Mhizpeá, dheisigh sé Geata an Tobair; d' athchóirigh sé é, chumhdaigh é, agus ghreamaigh a chomhlaí, a bholtaí agus a bharraí. D' atóg sé chomh maith balla Linn na Canálach le hais ghairdín an rí, chomh fada ar aghaidh leis na céimeanna anuas ó dhúnfort Dháiví.
Nihimiá mac Azbúc, uachtarán leath dhúiche Bhéit Zúr, rinne sé deisiú chomh fada leis an mball ar aghaidh thuamaí Dháiví, na linne tacair, agus Theach na Laoch;
taobh leis-sean, rinne na Léivítigh deisiú: Rachúm mac Bháiní; taobh leis-sean rinne Haisibiá, uachtarán ar leath dhúiche Cheíleá, deisiú ar son a dhúiche féin;
taobh leo-san rinne Biniáimin agus Haisiúb deisiú ar aghaidh a dtithe féin; taobh leo-san rinne Azairiá mac Mhásaeiá mac Anainiá deisiú in aice a thí féin;
agus ar aghaidh go dtí an cúinne. Rinne Pálál mac Úzaí deisiú ar aghaidh an chúinne, agus an túr atá ag gobadh amach os cionn phálás uachtarach an rí agus atá ina sheasamh i gclós an phríosúin. Taobh leis-sean rinne Padáiá mac Pharois deisiú
Taobh [leis-sean] rinne Hanainiá mac Sheilimiá agus Hánún séú mac Záláf stráice eile a dheisiú; taobh leis-sean rinne Misiulám mac Bheiriciá deisiú ar aghaidh a áit chónaithe;
taobh [leis-sean] rinne Mailcíveá, de chuallacht na ngaibhne óir, deisiú chomh fada le háras na dtíolacthach agus na gceannaithe, ar aghaidh Gheata na Faire, go seomra uachtair an chúinne.