Chuir mé riaradh Iarúsailéim faoi chúram mo dhearthár Hanáiní agus Hanainiá, ceannasaí an dúnfoirt, mar ba dhuine iontaofa é agus eagla Dé air thar mar is gnáth.
Dúirt [mé] leo: «Ná osclaítear geataí Iarúsailéim nó go dtaga teas sa ghrian, agus dúntar agus daingnítear na doirse fad tá [sí fós ard]. Ceapaigí fir as áitritheoirí Iarúsailéim le bheith ina lucht garda, cuid acu i láithreacha faire agus cuid eile acu os comhair a dtí féin.»
Bhuail mo Dhia isteach i mo cheann ansin tionól a chur ar na huachtaráin, ar na feidhmeannaigh, agus ar an bpobal d' fhonn áireamh a dhéanamh ar na daoine de réir finí. D' aimsigh mé clár ginealach na muintire úd a d' fhill den chéad iarracht agus seo mar a fuair mé scríofa ann:
Seo iad muintir an chúige a d' fhill ó bhraighdeanas agus ó dheoraíocht. Tar éis a ndíbeartha ag Nabúcadnazar rí na Bablóine, d' fhill siad ar ais go Iarúsailéim agus go Iúdá, gach duine chun a bhaile féin.
D' fhill siad le Zarubáibil, Iéisiúa, Nihimiá, Azairiá, Ráimiá, Nachamánaí, Mordacaí, Bilseán, Mispirit, Bigví, Nahúm, Báná. Liosta na bhfear do phobal Iosrael:
Tháinig an mhuintir seo leanas ó Théil Mealach, Téil Harsá, Carúb, Adón, Iméir ach níorbh fhéidir dóibh a chruthú gur de bhunús Iosraelach a bhfiní ná a sinsir:
Ar chlann na sagart: clann mhac Habaiá, clann mhac Hacóz, clann mhac Bhairzilí fear a phós ceann d' iníonacha Bhairzilí an Gileádach agus a ghlac a ainm.
Rinne an mhuintir sin cuardach i gcláracha a gcraobh sinseartha, ach ní bhfuair siad lua orthu féin iontu i dtreo gur coimeádadh amach as an tsagartacht iad amhail is dá mba neamhghlan dóibh.
seachas a ndaoir agus a ndaoirseacha, seacht míle trí chéad tríocha a seacht díobh ar fad; bhí dhá chéad daichead a cúig cantairí idir fhir agus mhná acu freisin.
69 Thug cinn finí áirithe ofrálacha deonacha don tógáil. Thug an gobharnóir míle drachma óir, leathchéad babhla, tríocha éide sagairt, agus cúig céad [míoná airgid] don chiste.
72 Chuir na sagairt, na Léivítigh, agus cuid den phobal fúthu in Iarúsailéim, agus gardaí na ngeataí, na cantairí, na tíolacthaigh agus na hIosraelaigh eile ina mbailte féin.