Tháinig ordú agus reacht an rí i bhfeidhm ar an tríú lá déag den dara mí déag, mí Adár, agus an lá ar a raibh súil ag naimhde na nGiúdach le hiad a scriosadh, bhí a mhalairt de thoradh air; b' iad na Giúdaigh a scrios a naimhde.
Chruinnigh na Giúdaigh le chéile ina mbailte ar fud cúigí uile an rí Aisiuéaróis d' fhonn lámh a leagan ar an uile dhuine a bhí ar tí urchóid a dhéanamh dóibh, agus níor fhéad aon duine an fód a sheasamh in n-aghaidh mar bhí scéin ar an bpobal go léir rompu.
mar ba chumhachtach é Mordacaí i dteaghlach an rí agus bhí a cháil leata ar fud na gcúigí go léir; bhí cumhacht Mhordacaí ag borradh agus ag fás i gcónaí.
Agus dúirt an rí leis an mbanríon Eistir: «Mharaigh na Giúdaigh cúig céad fear agus deichniúr mac Hámán chomh maith i ndúnfort Shúsa. Cad é nach bhfuil déanta acu dá réir sin i gcúigí eile an rí! Cén t-iarratas atá agat anois? Tabharfaidh mé duit é. Cén achainí eile atá agat? Níl agat ach é a rá agus gheobhaidh tú é.»
Agus dúirt Eistir: «Más toil leis an rí é, bíodh sé de chead ag na Giúdaigh i Súsa déanamh de réir reacht an lae inniu amárach chomh maith. Agus crochtar deichniúr mac Hámán ar an gcroch.»
Chruinnigh na Giúdaigh i Súsa le chéile ar an gceathrú lá déag de mhí Adár agus bhásaigh siad trí chéad fear i Súsa, ach gan lámh a leagan ar an gcreach.
Chruinnigh na Giúdaigh eile a bhí ag cur fúthu i gcúigí an rí lena n-anam a chosaint agus fáil réidh lena naimhde. Chuireadar seachtó cúig míle dá n-eascairde chun báis, ach níor leag siad lámh ar an gcreach.
Ach na Giúdaigh a bhí i Súsa, chruinníodar le chéile ar an tríú lá déag agus ar an gceathrú lá déag agus ba ar an gcúigiú lá déag a scoireadar agus a bhí lá fleá agus aoibhnis acu.
Uime sin a dhéanann na Giúdaigh, a chónaíonn sna sráidbhailte agus atá ag cur fúthu sna bailte gan bhallaí, lá aoibhnis agus fleá agus saoire den cheathrú lá déag de mhí Adár, agus lá ar a gcuireann siad togha spólaí chun a chéile. 19a Ach iad siúd atá ag cur fúthu sna cathracha, is ar an gcúigiú lá déag den mhí a bhíonn an lá aoibhnis acu agus a chuireann siad spólaí chun a chéile.
mar gur ar na laethanta sin a fuair na Giúdaigh fuascailt óna naimhde agus a rinneadh gáire dá ngol, agus saoire dá gcaoineadh; agus na laethanta sin a bheith ina laethanta fleá agus aoibhnis, agus saoire, agus ina laethanta le spólaí a sheoladh chun a chéile, agus déirc a thabhairt do na boicht.
«Rinne Hámán an tAgágach, mac Hamadátá, namhaid na nGiúdach go léir, ceilg ina n-aghaidh lena scriosadh, agus chaith sé an púr, an crann is é sin, chun a scriosta agus a millte.
Ach nuair a tháinig Eistir i láthair an rí, thug seisean ordú i scríbhinn go bhfillfeadh an scéim dhanartha a bhí beartaithe aige in aghaidh na nGiúdach sa mhullach air féin, agus go gcrochfaí ar an gcroch é féin agus a chlann mhac.
dhearbhaigh na Giúdaigh agus ghabhadar orthu agus ar a sliocht, agus ar chách a ghabh leo, an dá lá sin a cheiliúradh gan teip gach bliain de réir mar a bhí scríofa agus ag an am a bhí ceaptha;
agus go gcoimeádfaí cuimhne ar na laethanta sin agus go ndéanfaí iad a chomóradh ó ghlúin go glúin i ngach teaghlach agus cúige agus cathair; agus nach ndéanfaí faillí ar laethanta sin Phúirím go brách i measc na nGiúdach, agus nach rachadh bá ar a gcuimhne i measc a sleachta.
á ordú dóibh laethanta seo Phúirím a cheiliúradh an tráth is dual, mar a leag Mordacaí an Giúdach agus an bhanríon Eistir síos do na Giúdaigh, agus mar a ghabh siadsan orthu féin agus ar a sliocht, idir dhualgais troscaidh agus chaointe.