|
| 1 |
|
| Is beag orm mo bheo. Scaoilfidh mé a shrianta le mo ghearán, Labhróidh mé ó shearbhas m' anama. |
|
| 2 |
|
| Déarfaidh mé le Dia: Ná daor mé! Ach cuir in iúl dom an chúis atá agat i m' aghaidh. |
|
| 3 |
|
| An gean leat bheith do mo chiapadh, Bheith ag maslú saothar do lámh, Agus ag cuidiú le comhairle na gcoirpeach? |
|
| 4 |
|
| An bhfuil súile daonna i do cheann? An bhfuil radharc agat mar atá ag an duine? |
|
| 5 |
|
| An bhfuil do ré mar ré an duine dhaonna? Agus do bhlianta mar bhlianta an duine? |
|
| 6 |
|
| A rá is go bhfuil tú sa tóir ar mo pheaca, Agus ar lorg mo choire, |
|
| 7 |
|
| Óir is eol duit nach bhfuilim urchóideach, Agus nach bhfuil aon duine le fuascailt a dhéanamh as do láimh. |
|
| 8 |
|
| Do lámha a chum agus a cheap mé, Agus an gcasfaidh tú agus mé a scrios dá éis sin? |
|
| 9 |
|
| Cuimhnigh go ndearna tú mé den chré Agus an ndéanfaidh tú cré arís díom? |
|
| 10 |
|
| Nár dhoirt tú amach mé mar bhainne Agus nár théachtaigh tú mé mar dhéanfá cáis? |
|
| 11 |
|
| Chuir tú brat craicinn agus feola tharam, Agus dhlúthaigh tú mé le cnámha agus le féithleoga; |
|
| 12 |
|
| Bhronn tú beatha agus buanghrá orm Agus caomhnaigh tú m' anam le barr cúraim. |
|
| 13 |
|
| Chuir tú an méid sin i bhfolach i do chroí, Is eol dom gurbh é seo a bhí beartaithe agat: |
|
| 14 |
|
| Dá ndéanfainn peaca, súil a choinneáil orm Agus gan mo choir a mhaitheamh dom. |
|
| 15 |
|
| Dá mbeinn peacúil, mo mhairg mé! Dá mbeinn neamhchiontach, ní ardóinn mo cheann, Ach mé lán de tharcaisne, agus ar meisce na bpianta. |
|
| 16 |
|
| Má dhéanaim mé féin a mhóradh, téann tú sa tóir orm mar leon, Agus déanann tú iontais nua i m' aghaidh. ABN: 17c, 16, 17a, 17b |
|
| 17 |
|
| 17a Tugann tú finnéithe nua i mo choinne 17b Agus méadaíonn tú do mhíshásamh liom. 17c Saothar dian mar thuarastal arís is dán dom. |
|
| 18 |
|
| Cén fáth gur thug tú ón mbroinn mé? Uch nár éag mé, gan súil a leagan orm, |
|
| 19 |
|
| Agus bheith amhail is nach raibh mé ann riamh, Do mo bhreith ó bhroinn go huaigh. |
|
| 20 |
|
| Nach suarach iad laethanta mo bheatha? Lig dom le go mbeadh greas aoibhnis agam, |
|
| 21 |
|
| Sula n-imím, imeacht gan teacht, Go tír an dorchadais agus scáil an bháis, |
|
| 22 |
|
| Go tír a bhfuil a ghruaim mar dhorchadas tiubh, Scáil an bháis gan eagar, Arb dorchadas tiubh a ghile Agus nach bhfeiceann solas na beatha. |
|
|
|
|