|
| 1 |
|
| Ansin d' fhreagair Zófar ó Namát agus dúirt: |
|
| 2 |
|
| Nach bhfuil freagra le tabhairt ar chlabaireacht? An bhfuil caint phras le bheith mar urra ag duine ar an gceart? |
|
| 3 |
|
| An ndéanfaidh na briathra a spalpann tú daoine a chur ina dtost? An ndéanfaidh tú fonóid, gan duine do do bhréagnú? |
|
| 4 |
|
| Agus an ndéarfaidh tú: «Is íon é mo theagasc, Agus an bhfuilim glan i do radharc?» |
|
| 5 |
|
| Uch nach labhródh Dia Agus a bhéal a oscailt chugat, |
|
| 6 |
|
| Agus rúin na heagna a nochtadh duit! Is de bharr a chomhairle agus a thuisceana iontaí Atá do choirpeacht á cúiteamh aige leat. |
|
| 7 |
|
| An féidir duit teorainn Dé a shroicheadh Nó ciumhais an Uilechumhachtaigh a bhaint amach? |
|
| 8 |
|
| Is airde é ná na spéartha! Cad tá ar do chumas? Is doimhne é ná Seól! Cad tá ar eolas agat? |
|
| 9 |
|
| Is faide é a thomhas ná an domhan, Is fairsinge é ná an fharraige. |
|
| 10 |
|
| Má ghabhann sé thar bráid, agus braighdeanas a chur i bhfeidhm, Nó cúisiú go poiblí, cé a chuirfidh cosc leis? |
|
| 11 |
|
| Is eol dó a pheacúla atá an duine; Tá an urchóid os comhair a shúl, agus tugann sé aird uirthi. |
|
| 12 |
|
| Tá an duine baoth ar uireasa tuisceana; Is cuma nó searrach an asail fhiáin an duine ag teacht ar an saol. |
|
| 13 |
|
| Má chuireann tú do chroí in ord, Agus do lámha a leathadh chun Dé |
|
| 14 |
|
| Má bhíonn an t-olc idir lámha agat, cuir i bhfad uait é, Agus ná lonnaíodh an éagóir i do bhoth |
|
| 15 |
|
| Ansin ardóidh tú do cheann agus gan máchail air, Agus beidh tú daingean, gan eagla ort. |
|
| 16 |
|
| Déanfaidh tú dearmad de d' ainnise, Gan de chuimhne agat air ach mar an tuile a ghabh thart. |
|
| 17 |
|
| Beidh do shaol níos gile na meán lae, Agus déanfar láchan dá dhorchadas. |
|
| 18 |
|
| Beidh misneach agat, mar tá dóchas agat; Féachfaidh tú i do thimpeall, agus luífidh tú síos go slán sábháilte. |
|
| 19 |
|
| Luífidh tú síos, gan eagla aon duine ort, Ach a lán ar thóir do ghnaoi. |
|
| 20 |
|
| Ach féachfaidh lucht an oilc ina dtimpeall le súile marbhánta; Ní bheidh bealach éalaithe fágtha acu, Agus gan de dhóchas acu ach an dé deiridh. |
|
|
|
|