|
| 1 |
|
| Ansin d' fhreagair Iób agus dúirt: |
|
| 2 |
|
| Sibhse gan amhras lucht na tuisceana, Agus gheobhaidh an eagna bás libhse! |
|
| 3 |
|
| Ach tá tuiscint agamsa chomh maith libh, Agus níl an tosach agaibh orm, Agus, ó luaigh mé é, cé dó nach eol sin? |
|
| 4 |
|
| Is ceap magaidh mé do mo chairde, Mar glaoim ar Dhia agus súil agam le freagra! Níl san fhíréan gan locht ach ceap magaidh. |
|
| 5 |
|
| An té atá ar a shuaimhneas níl ach drochmheas aige ar an ainnise, Agus sonc don té a fuair barrthuisle. |
|
| 6 |
|
| Tá an rath ar bhothanna na ladrann; Níl baol ar lucht Dia a ghriogadh, An mhuintir a rinne dia de neart a lámh. |
|
| 7 |
|
| Ní gá duit ach ceist a chur ar na hainmhithe agus cuirfidh siad ar an eolas thú! Nó ar éanlaith an aeir agus múinfidh siad thú; |
|
| 8 |
|
| Nó labhair leis an talamh, agus inseoidh sé duit, Agus tabharfaidh iasc na farraige eolas duit. |
|
| 9 |
|
| Céard é ina measc seo go léir nach eol dó Gurb é lámh Dé a rinne é seo go léir? |
|
| 10 |
|
| Tá anam gach dúile beo ina ghlaic, Agus anáil anama an chine dhaonna. |
|
| 11 |
|
| Nach ndéanann an chluas na briathra a phromhadh Agus an carball an bia a bhlas? |
|
| 12 |
|
| Leis an tseanaois a ghabhann an eagna Agus an chríonnacht le síneadh na mblianta. |
|
| 13 |
|
| Is i [nDia] atá eagna agus cumhacht, Is aige atá comhairle agus tuiscint. |
|
| 14 |
|
| Má leag sé anuas, níl tógáil i ndán; Má chuireann sé duine i ngéibheann, níl fuascailt ann dó; |
|
| 15 |
|
| Má stopann sé na huiscí, téann siad i ndísc; Má scaoileann sé leo, bánn siad an talamh. ABN: 15, 23, 24, 25, 16, 17, 18, 19, 20, 21, 22 |
|
| 16 |
|
| Tá neart ann agus teacht aniar; Is leis an dul amú agus an cur amú; |
|
| 17 |
|
| Fágann sé comhairleoirí ag siúl cosnochta Agus breithiúna ina n-amadáin. |
|
| 18 |
|
| Scaoileann sé crios na ríthe Agus ceanglann brat íochtair faoina gcoim. |
|
| 19 |
|
| Fágann sé sagairt ag siúl cosnochta Agus leagann ar lár na huaisle. |
|
| 20 |
|
| Ní fhágann sé focal ag na soilbhire, Agus sciobann ar shiúl gaois na seanóirí. |
|
| 21 |
|
| Maslaíonn sí flatha Agus coilleann ceandáine na dtréan. |
|
| 22 |
|
| Nochtann sé rúin as an dorchadas, Agus tugann an scáil dhorcha chun solais. |
|
| 23 |
|
| Mórann sé náisiúin agus ansin déanann iad a threascairt; Cuireann sé an rath ar chiníocha agus ansin déanann iad a mhilleadh. |
|
| 24 |
|
| Sciobann sé ar shiúl tuiscint lucht ceannais na tíre, Agus fágann iad ar guardal i bhfásach gan treoir; |
|
| 25 |
|
| Bíonn siad ag únfairt sa dorchadas gan solas Agus fágann sé iad ag longadaíl mar a bheadh duine ar meisce. |
|
|
|
|