|
| 1 |
|
| Féach! Chonaic mé é sin go léir le mo shúile cinn! Chuala mo chluas é, agus thug mé aird air. |
|
| 2 |
|
| An ní is eol daoibhse, is eol domsa freisin; Níl an tosach agaibh orm! |
|
| 3 |
|
| Ba mhian liom labhairt leis an Uilechumhachtach; B' áil liom áiteamh le Dia. |
|
| 4 |
|
| Maidir libhse, níl ionaibh ach lianna bréige; Lucht leighis gan tairbhe sibh go léir! |
|
| 5 |
|
| Uch nach gcoimeádfadh sibh bhur mbéal dúnta! Ba chríonna an mhaise daoibh é! |
|
| 6 |
|
| Éistigí anois, le bhur dtoil, le mo ghearán, Agus tugaigí aird ar na hargóintí ó mo bhéal: |
|
| 7 |
|
| An ndéanfaidh sibh cúis Dé a chothú le héitheach, Agus bréag a insint ar a shon. |
|
| 8 |
|
| An mbeidh sibh ag déanamh leathchuma ar a shon? An mbeidh sibh mar abhcóidí aige? |
|
| 9 |
|
| An mbeidh an scéal ar fónamh nuair a dhéanfaidh sé sibh a phromhadh? An meallfaidh sibh eisean, mar a mheallfaí daoine? |
|
| 10 |
|
| Déanfaidh sé sibh a cheartú gan amhras, Má dhéanann sibh leathchuma faoi cheilt. |
|
| 11 |
|
| Nach gcuirfidh a mhórgacht scanradh oraibh? Agus nach dtitfidh a uafás sa mhullach oraibh? |
|
| 12 |
|
| Níl in bhur seanfhocail ach nathanna luaithrí, Agus freagraí cré bhur bhfreagraí! |
|
| 13 |
|
| Cuirigí uaibh! Ligigí dom agus labhróidh mise freisin, Is cuma cad a thiocfaidh as dom! |
|
| 14 |
|
| Cuirfidh mé m' anam i gcúl mo dhoirn, Agus rachaidh mé sa seans leis! |
|
| 15 |
|
| Maraíodh sé mé más áil leis, níl de dhóchas agam Ach mo bhealaí a chosaint ina láthair. |
|
| 16 |
|
| Sé a bheidh mar shlánú agam, Nach coirpeach atá ag teacht os a chomhair. |
|
| 17 |
|
| Tugaigí aird ar a bhfuil le rá agam, Agus cluas ghéar do mo bhriathra: |
|
| 18 |
|
| Féach, dá bhféadfainn mo chúis a agairt, Tá a fhios agam gur mise a thiocfadh slán. |
|
| 19 |
|
| Cé rachaidh chun aighnis liom? Mar is gearr go mbeidh mé i mo thost agus in éag. |
|
| 20 |
|
| Deonaigh dhá achainí dom, sin uile, Agus ansin ní rachaidh mé i bhfolach ó do ghnúis. |
|
| 21 |
|
| Bog díom do lámh, Agus ná bím ar crith le heagla romhat! |
|
| 22 |
|
| Glaoigh ansin agus tabharfaidh mé freagra ort! Nó cead cainte domsa agus freagairse mé! |
|
| 23 |
|
| Cé mhéad coir agus peaca a rinne mé? Inis dom mo locht agus m' éagóir. |
|
| 24 |
|
| Cad ab áil leat ag ceilt do ghnúise Agus gan ach meas namhad agat orm? |
|
| 25 |
|
| An ndéanfaidh tú duilleog ghaoithe a chiapadh, Agus dias chríon a thóraíocht? |
|
| 26 |
|
| Óir scríobhann tú nithe searbha i m' aghaidh, Agus greamaíonn tú cionta m' óige díom; |
|
| 27 |
|
| Cuireann tú mo chosa i gceap, Agus faireann tú mo bhealaí go léir, Agus tugann tú aird ar rian mo chos. |
|
| 28 |
|
| [Tá mo shaol] go léir ag creimeadh mar chríonach, mar bhrat ite ag leamhain. |
|
|
|
|