Bíobla Naofa 1981
|
| 1 |
| Fear a rugadh ó bhean, Nach raibh fad saoil aige ach mórchuid anró, |
| 2 |
| A eascrann mar bhláth agus a fheonn, Agus a imíonn mar scáil gan fanacht |
| 3 |
| An ar a leithéid sin a leagann tú do shúil Agus a thugann tú le breith a thabhairt air os do chomhair? |
| 4 |
| Uch nach gcailltear an glan Ar mhalairt slí leis an neamhghlan! |
| 5 |
| Ós rud é go bhfuil a laethanta ríofa, Agus líon a mhíonna ag brath ortsa, Agus a theorainn do-ghafa leagtha síos agat dó, |
| 6 |
| Ná féach ina threo, ach lig dó féin, Go gcomhlíona sé a lá dála an bhuachaill aimsire. ABN: 6, 13-17, 7-12,18 |
| 7 |
| Bíonn dóchas ann i gcónaí do chrann, Má ghearrtar anuas é, cuirfidh sé bachlóga amach arís, Agus ní theipfidh a phéaca. |
| 8 |
| Fiú má théann a fhréamha in aois sa talamh, Agus go n-éagfaidh a stocán sa talamh, |
| 9 |
| Péacfaidh sé le boladh an uisce, Agus eascróidh géaga as dála phlanda nua. |
| 10 |
| Ach téadh an duine in éag, agus fanann ina staic; Imíodh an dé as fear, agus cá bhfuil sé? |
| 11 |
| D' fhéadfadh uiscí na farraige dul ar ceal, An sruthán dul i ndísc agus i dtiormacht, Ach luíodh an duine san uaigh, agus ní éireoidh sé arís. |
| 12 |
| Go dté na spéartha ar ceal ní mhúsclóidh sé, Agus ní eireoidh sé as a chodladh. |
| 13 |
| Uch nach gcuireann tú i bhfolach mé i Seól! Agus mé a cheilt nó go dté d' fhearg thar bráid! Agus téarma cinnte a cheapadh dom, agus cuimhneamh orm! |
| 14 |
| Fiú dá bhfaigheadh duine bás, agus aiséirí arís, D' fhanfainn ar aimsir mo laethanta go léir, Nó go ndéanfaí fóirithint orm. |
| 15 |
| Ghlaofá orm ansin, agus thabharfainn freagra ort, Agus bheifeá ag tnúth le radharc a fháil ar shaothar do lámh. |
| 16 |
| Óir dhéanfá mo chéimeanna a ríomhadh Agus ní bheifeá ag faire mo locht. |
| 17 |
| Bheadh mo choireanna faoi shéala i mála, Agus chuirfeá folach ar mo pheaca. |
| 18 |
| Mar a thiteann sliabh le fána, Agus a chorraítear carraig as a láthair, |
| 19 |
| Mar a chaitheann na huiscí na clocha, Mar a scuabann an tuile luaithreach na talún leis, Sin mar a scriosann tú dóchas an duine. |
| 20 |
| Déanann tú é a threascairt go brách, agus imíonn sé leis; Cuireann tú athrú cló air, agus seolann tú uait é. |
| 21 |
| Baineann a chlann mhac onóir amach, ach is gan fhios dó é! Leagtar ar lár iad, ach ní eol dó sin. |
| 22 |
| Níl ag cur tinnis air ach a chorp féin, Níl d' ábhar olagóin ag a anam ach é féin. |
|
| Sábháil Nótaí |
https://beblia.bible:81/BibleAudio/irish/job/014.mp3
42
14