|
| 1 |
|
| Iób á Dhaoradh as a Bhéal Féin |
|
| 2 |
|
| Ar chóir do dhuine gaoismhear freagairt le heolas baoth? Agus a bholg a líonadh le gaoth anoir? |
|
| 3 |
|
| An ndéanann sé a chúis a phlé le caint gan éifeacht Agus le briathra gan tairbhe? |
|
| 4 |
|
| Sea, tá eagla Dé á cur ar shiúl agat Agus tá urraim á diúltú agat dó. |
|
| 5 |
|
| D' urchóid a spreagann do ráite béil, Agus is gean leat teanga na gcleasaithe. |
|
| 6 |
|
| Daorfar thú as do bhéal féin, agus ní as mo bhéalsa, Agus is iad do bheola féin a thabharfaidh fianaise i d' aghaidh. |
|
| 7 |
|
| An tú céadghin an chine dhaonna? Nó ar saolaíodh thú roimh na sléibhte? |
|
| 8 |
|
| Ar chuala tú rún Dé? Ar ghlac tú an eagna chugat féin amháin? |
|
| 9 |
|
| Cén t-eolas atá agatsa nach bhfuil againne? Cén intlíocht atá agat nach bhfuil againne freisin? |
|
| 10 |
|
| Tá an ceann liath agus an críonna inár measc, Agus aos acu thar mar atá ag d' athair. |
|
| 11 |
|
| An beag ort na sóláis ó Dhia? Agus an focal a labhraíonn go cneasta leat? |
|
| 12 |
|
| Cén fáth a mbaineann do racht de do bhonna thú? Agus go bhfuil faghairt i do shúile? |
|
| 13 |
|
| A rá is go dtugann tú aghaidh do chaoraíochta ar Dhia Agus go scaoileann tú focail mar sin as do bhéal. |
|
| 14 |
|
| Céard é an duine go mbeadh sé íon? Agus gin na mná go mbeadh sé fíréanta? |
|
| 15 |
|
| Féach, ní chuireann Dia a mhuinín ina neacha naofa, Ná ní íon iad na spéartha ina radharc. |
|
| 16 |
|
| Nach lú ná sin an duine, atá bréan gráiniúil, Agus a shlogann an urchóid mar dheoch uisce? |
|
| 17 |
|
| Éist liom, tá ceacht agam duit, Agus inseoidh mé duit cad a chonaic mé: |
|
| 18 |
|
| Cad deir lucht gaoise, Agus nár cheil a sinsir, |
|
| 19 |
|
| Ar dóibh amháin a tugadh an talamh, Agus nár ghabh aon deoraí ina measc: |
|
| 20 |
|
| I gcaitheamh a ré go léir, Tá an t-urchóideach á chiapadh Agus tá blianta an tíoránaigh arna ríomhadh. |
|
| 21 |
|
| Tá glórtha bagracha ina chluasa Agus tiocfaidh an scriostóir air i lár a chonáigh. ABN: 21, 31, 22-30, 32. |
|
| 22 |
|
| Ní bheidh aon dóchas aige go bhfillfidh sé ón dorchadas; Tá a fhios aige gurb é an claíomh is dán dó, |
|
| 23 |
|
| Agus a bheith ina bhia ag badhbha. Tá a fhios aige go bhfuil an mí-ádh mar chinniúint aige, |
|
| 24 |
|
| Agus cuireann lá an dorchadais scanradh air; Faigheann buairt agus dálghas an lámh in uachtar air, Amhail agus dá mbeadh rí éigin ar tí a ionsaithe. |
|
| 25 |
|
| Óir shín sé a lámh in aghaidh Dé, Agus leomhaigh sé dúshlán an Uilechumhachtaigh a thabhairt. |
|
| 26 |
|
| Thug sé ruathar ceanndána faoi le sciath ramharbhocóideach. |
|
| 27 |
|
| Bhí brat blonaige ar a cheannaithe Agus sprochaillí saille ar a cheathrúna. |
|
| 28 |
|
| Chuir sé faoi i gcathracha scriosta Agus lonnaigh i dtithe tréigthe, A bhfuil i ndán dóibh bheith ina bhfothracha. |
|
| 29 |
|
| Ní bheidh sé saibhir, ná ní mhairfidh a mhaoin, Ná ní leathfaidh a [scáth] i bhfad eile ar talamh. |
|
| 30 |
|
| Ní scarfaidh sé leis an dorchadas; Loscfaidh lasair a bhachlóga Agus scuabfaidh an ghaoth a pheaca ar shiúl. |
|
| 31 |
|
| Ná téadh sé i muinín a thoirt; Tá breall air, níl aon tathag ann. |
|
| 32 |
|
| Feofaidh a ghéaga roimh a n-am; Ní bheidh a chraobha glas. |
|
| 33 |
|
| Ligfidh sé dá thorthaí titim agus gan iad abaí, dála na bhfíniúna, Agus caithfidh sé uaidh a bhláth dála na holóige: |
|
| 34 |
|
| Óir níl an rath ar chuideachta na n-urchóideach, Agus loscfar bothanna na breibe le tine. |
|
| 35 |
|
| Óir gineann siad mailís agus beireann siad an urchóid, Agus déanann a mbroinn an chalaois a réiteach. |
|
|
: |
| 1 | | 2 | | 3 | | 4 | | 5 | | 6 | | 7 | | 8 | | 9 | | 10 | | 11 | | 12 | | 13 | | 14 | | 15 | | 16 | | 17 | | 18 | | 19 | | 20 | | 21 | | 22 | | 23 | | 24 | | 25 | | 26 | | 27 | | 28 | | 29 | | 30 | | 31 | | 32 | | 33 | | 34 | | 35 | 1
1
1 |
|
|---|
|
https://beblia.bible:81/BibleAudio/irish/job/015.mp3
42
15