Bíobla Naofa 1981
|
| 1 |
| Tá mo spiorad le scrios, Tá mo laethanta caite, An uaigh atá i ndan dom. |
| 2 |
| Tá lucht fonóide i mo thimpeall, Agus is í a mailís taibhreamh na súl oscailte agam. |
| 3 |
| Ceap, más ea, urra orm i do láthair; Cé rachaidh i mbannaí orm? |
| 4 |
| Chuir tú an tuiscint i bhfolach óna gcroí, Uime sin ní ligfidh tú an bua leo. |
| 5 |
| Dála an duine a thugann cuireadh chun bia dá chairde, Agus súile a chlainne gan preab iontu, |
| 6 |
| Mar sin a rinne sé nath díom i measc na gciníocha; Níl ionam ach créatúr le seile a chaitheamh san aghaidh air. |
| 7 |
| Tá mo shúile á gcaochadh le gruaim, Agus is geall le scáil mo ghéaga. |
| 8 |
| Cuireann sé seo uafás ar dhaoine ionraice, Agus déanann an neamhurchóideach casaoid in aghaidh an éagóraigh. |
| 9 |
| Cloíonn an fíréan lena bhealaí, Agus tagann breis nirt chun an té atá glan ó chroí. |
| 10 |
| Ach, tagaigí arís, sibh go léir, agus tugaigí fúm! Agus ní bheidh saoi le fáil agam in bhur measc! |
| 11 |
| Tá mo ré thart! Tá mo phleannanna sáraithe, Agus mianta uile mo chroí! |
| 12 |
| Dá fhad í an oíche, a deir siad, tagann an lá; Tá an solas láimh linn chun an dorchadas a ruaigeadh. |
| 13 |
| Níl súil agam ach le Seól mar bhaile, Agus bualadh fúm sa dorchadas. |
| 14 |
| Tugaim athair ar an morgadh, Agus máthair agus deirfiúr ar an gcruimh. |
| 15 |
| Cá bhfuil mo dhóchas, más ea, Agus cé d' fhéadfadh aon [aoibhneas] a fheiceáil i mo chomhair? |
| 16 |
| An dtiocfaidh siad seo síos liom go Seól? Nó an sínfear iad síos in éineacht liom sa pholl? |
| Sábháil Nótaí |
https://beblia.bible:81/BibleAudio/irish/job/017.mp3
42
17