|
| 1 |
|
| Ansin d' fhreagair Bildead ó Shiúach agus dúirt: |
|
| 2 |
|
| An gcuirfidh tú srian go deo le do theanga? An gcaithfimid éisteacht, agus gan labhairt go pras? |
|
| 3 |
|
| Cén fáth nach bhfuil ach meas madra agat orainn, Agus gur cuma leat sinn nó [ainmhí éigiallda] |
|
| 4 |
|
| A stollann é féin le barr feirge? An gcaithfear an tír a bhánú ar do shon Agus an charraig a chur as a leaba? |
|
| 5 |
|
| Ní foláir, ambasa, solas an choirpigh a mhúchadh, Agus lasair a thine a dhul in éag. |
|
| 6 |
|
| Lagófar an solas ina bhoth Agus múchfar an lampa os a chionn. |
|
| 7 |
|
| Déanfar a choiscéimeanna daingne a chrapladh, Agus leagfaidh a chomhairle féin ar lár é. |
|
| 8 |
|
| Óir tugann a chosa féin isteach sa líon é, Agus siúlann sé i measc na sás. |
|
| 9 |
|
| Béarfaidh gaiste ar sháil air Agus greamóidh sé sa dol. |
|
| 10 |
|
| Beidh súil ribe i bhfolach ina chomhair sa talamh, Agus gaiste roimhe ar an gcosán. |
|
| 11 |
|
| Beidh scanradh air ó uafáis ina thimpeall, Agus iad á leanúint go dlúth ar a shála. |
|
| 12 |
|
| Beidh an gorta aige mar [pháirtí] Agus an mí-ádh go dlúth lena thaobh. |
|
| 13 |
|
| Déanfaidh galar a chraiceann a chnaí, Agus céadghin an bháis a ghéaga a chreimeadh. |
|
| 14 |
|
| Scuabfar é óna bhoth mar ar bhraith sé slán sábháilte. Agus tabharfar é i láthair rí na n-uafás. ABN: 14, 18, 15-17, 19 |
|
| 15 |
|
| Lonnóidh [Lilit] faoina dhíon, Agus scaipfear ruibh ar a ghabháltas. |
|
| 16 |
|
| Seargfaidh a fhréamha laistíos, Agus feofaidh a chraobha lastuas. |
|
| 17 |
|
| Rachaidh gach cuimhne air sa tír ar ceal, Agus ní mhairfidh a thásc ina dhúiche. |
|
| 18 |
|
| Tiomáinfear é ó sholas go dorchadas, Agus ruaigfear as an saol é. |
|
| 19 |
|
| Ní bheidh síol ná sliocht air i measc a chine, Ná comharba air ina áit chónaithe. |
|
| 20 |
|
| Cuirfidh a chríoch uafás ar an domhan thiar, Agus scéin ar an domhan thoir. |
|
| 21 |
|
| B' áit chónaithe choirpigh an áit seo go dearfa, Áitreabh duine nárbh eol dó Dia. |
|
|
|
|