|
| 1 |
|
| Ann sin do fhreagair Sophar an Naamatíteach, agus a dubhairt, |
|
| 2 |
|
| Ar a nadhbharsin do bheirid mo smuáintighe orum freagra, agus ar a shonso do ním deithnios. |
|
| 3 |
|
| Do chúala mé armáir mo scannla, agus do bheir spiorad mo thuigsiona orum freagra. |
|
| 4 |
|
| Nach bhfuil a fhios so agadsa ríamh, ó suigheadh an duine air an ttalamh. |
|
| 5 |
|
| Gur géarr caithréim an drochdhuine, agus gáirdeachus an fhúarchráibhthigh nach bhfuil acht móiment ann? |
|
| 6 |
|
| Matá go néirghionn a oirdhearchus súas gus na neamhuibh, agus go roithchionn a cheann na néulla; |
|
| 7 |
|
| Thairíssin rachuidh sé amúgha go bráth mar a shalchar féin: déaruid an drong do chonnairc é: Cáit a bhfuil sé? |
|
| 8 |
|
| Eitillfidh sé ar siubhal amhuil aisling, agus ní fhuighthear é: agus teithigh sé amhuil brionnglóid na hoidhche. |
|
| 9 |
|
| Mar an gcéadna an tsúil do chonnairc é ní fhaicfidh sí ní sa mhó é; ní mó amhaircfios a áit féin é ní sa mhó. |
|
| 10 |
|
| Iárrfuid a chlann na boichd do ríar, agus aiseogaid a lámha a maóin. |
|
| 11 |
|
| Atáid a chnámha lán do pheacadhuibh a óige, noch luighfios leis síos annsa chriáidh. |
|
| 12 |
|
| Bíodh gur milis leis olc iona bhéul, bíodh go bhfolchann sé fá na theangaidh é; |
|
| 13 |
|
| Bíodh go ccoiglionn sé é, agus nach tréigionn é; acht a choimhéud choidhche a lár a charbaid: |
|
| 14 |
|
| Gidheadh iompoighidh a bhíadh iona innighibh, isé domblas na naithreach nimhe ann é. |
|
| 15 |
|
| Do shluig sé saidhbhrios síos, agus sceithfidh sé a nios íad a ris: teilgfidh Día amach as a bholg íad. |
|
| 16 |
|
| Súighfidh sé nimh na naithreach: muirfidh teanga a naithir nimhe é. |
|
| 17 |
|
| Ni fhaicfidh sé na haibhne, na srotha, na srutháin mheala agus ime. |
|
| 18 |
|
| An ní air son ar shaothruigh sé aiseoguidh sé é, agus ní shluigfidh sé síos é: do réir a mhaóine bhías an taiseag, agus ní dhéana sé gáirdeachus ann. |
|
| 19 |
|
| Do bhrígh go ndéarna sé sárughadh agus gur thréig sé na boicht; do bhrígh gur bhean sé amach ar éigean teagh nach é féin do thóg; |
|
| 20 |
|
| Go deimhin ní mhoitheochuidh sé suáimhneas iona bholg, ní thárthochuidh sé don ní agá raibh dúil aige ann. |
|
| 21 |
|
| Ni fúigfighthear éinni dá bhíadh; uimesin nach biáidh súil ag áonduine ré na mhaóin. |
|
| 22 |
|
| A niomláine a thábhachta biáidh sé a gcumhgach: tiucfaidh lámh gach uile dhrochdhuine air. |
|
| 23 |
|
| A núair bhías sé ar tí a bholg do líonadh, teilgfidh Día fráoch a fheirge air, agus fearfuidh air é an feadh bhías ag ithe. |
|
| 24 |
|
| Teithfidh sé roimhe a narm íaruinn, agus buáilfidh an bodha cruáidhe thríd é. |
|
| 25 |
|
| Atá sé tairrngthe, agus thig sé amach as an ccorp; thig an cloidheamh loinneardha amach as a dhomblas: atáid úathbhais air. |
|
| 26 |
|
| Biáidh a nuile dhorchadas ar na fholach iona áitibh secréideacha: loisgfidh teine gan séideadh é; is olc rachus don té fhúigfighthear ann a thigh. |
|
| 27 |
|
| Foillseochuidh neamh a éigceart; agus éireochuidh an talamh súas na aghaidh. |
|
| 28 |
|
| Deileochuidh biseach a thighe ris, agus imeochuidh a mhaóin seachad a ló a fheirg. |
|
| 29 |
|
| Así so cuid ronna an drochdhuine ó Dhía, agus a noighreacht do chinneadh ó Dhía dhó. |
|
|
|
|