|
| 1 |
|
| Acht do fhreagaír Iób, agus a dubhairt, |
|
| 2 |
|
| Eístigh go dúthrachdach rem bríathra, agus bíodh so bhur núrgháirdighthe. |
|
| 3 |
|
| Fuilingidh dhamhsa go labhruinn; agus tar éis mé do labhairt, déanuidh magadh fós. |
|
| 4 |
|
| Ar mo shonsa, an ré duine atáim ag gearán? achd dá mbeith sin marsin, cred as a mbíath mo spiorad buáidheartha? |
|
| 5 |
|
| Féuchuidh orumsa, agus bíodh iongnadh oruibh, agus leagaidh bhur lámh air bhur mbéul. |
|
| 6 |
|
| Eadhon a nuáir chuimhnighim atáim eaglach, agus glacaidh critheagal greim dom fheóil. |
|
| 7 |
|
| Créd é an tadhbhar as a mairidh an drochdhuine, as a seanuid, a mbíd fós, neartmhar a ccumhachtaibh? |
|
| 8 |
|
| Daingnighthear a síol iona radhare maille ríu, agus a sliochd as coinne a súl. |
|
| 9 |
|
| Atáid a ttighthe daingean ó eagla, ní mó bhíos slat Dé orra. |
|
| 10 |
|
| Ginidh a ttarbh, agus ní fhaillighionn sé; beiridh a mbó láogh, agus ní theilgionn sí a gamhuin. |
|
| 11 |
|
| Cuirid síad a ndaóine beaga úatha amach amhuil tréud, agus do níd a cclann damhsa. |
|
| 12 |
|
| Glacuid an tiompán agus an chláirseach, agus gáirdighid ré guth a norgáin. |
|
| 13 |
|
| Caithid a láethe a saidhbhrios, agus a móiment téid síad san nuáigh. |
|
| 14 |
|
| Uimesin a deirid re Día, Dealuigh rinn; óir ní bhfuil fonn aguinn a néolus do shlightheach. |
|
| 15 |
|
| Cred é an Tuilechumhachdach, ás a ndéanamaóisne serbhís dó? agus cred í an tarbha do gheabhamáois, dá nguidhmís chuige? |
|
| 16 |
|
| Féuch, ní bhfuil a maith féin ann a láimh: is fada comhairle na ndrochdháoine uáimse. |
|
| 17 |
|
| Ca mhionca cuirthear coinneal na ndrochdhaoine as? agus cá mhionca thig a naidhmhilleadh orra? roinnidh Día dólás ióna fheirg. |
|
| 18 |
|
| Atáid mar chonnlach ar aghaidh na gaóithe, agus mar lóchán bheirios an stoirim lé. |
|
| 19 |
|
| Taisgidh Día a éaicceart súas a ccoinne a chloinne: do bheir sé luáigheachd dó, agus aitheonuidh sé é. |
|
| 20 |
|
| Do chífid a shúile a aidhmhilleadh, agus ibhthigh sé dfeirg a Nuilechumhachdaigh. |
|
| 21 |
|
| Oír cred é an sólás atá aige iona thigh na dhiaigh, a núair ghearrthar amach uibhir a mhíos ann a lár? |
|
| 22 |
|
| An múinfidh duine ar bith éolus do Dhía? ó ní se breitheamhnus ar an ndroing bhíos árd. |
|
| 23 |
|
| Téid áon déag a niomláine a neirt, ar mbeith dhó go hiomlán a socamhal agus a suáimhneas. |
|
| 24 |
|
| Atáid a chíocha lán do bhainne, agus atáid a chnámha ar na máothughadh ó smior. |
|
| 25 |
|
| Agus éugaidh duine oile a searbhus a anma, agus ní ithionn choidhche maille re sólás. |
|
| 26 |
|
| Luighfid síad araon ionann annsa chriáidh, agus foileachuid na péiste íad. |
|
| 27 |
|
| Féuch, atá fios bhur smúainidh agamsa, agus na ttionnsganta smuáineas sibh lé héagcóir am aghaidh. |
|
| 28 |
|
| Oír a dearthaói, Cáit a bhfuil teagh an phrionnsa? agus cáit a bhfuilid áite comhnuighthe na ndrochdhaóine? |
|
| 29 |
|
| Nach ar fhiafruigheabhair don luchd ghabhus an tslighe thoruibh? agus nach tuicthí a ccomharthuighe, |
|
| 30 |
|
| Go ccoigeoltar an droch dhuine a ccoinne láe a naidhmhillte? béarthar amach íad chum laói an díoghaltais. |
|
| 31 |
|
| Cía innéosas a shlighe as coinne a aighthe? agus cía chúiteochus ris gacha ndéarna sé? |
|
| 32 |
|
| Gidheadh béarthar chum na huáighe é, agus fanfuidh sé annsa túama. |
|
| 33 |
|
| Budh milis leis fóide an ghleanna, agus tairreonguidh gach áonduine na dhiaigh, mar atá ro iomad roimhe. |
|
| 34 |
|
| Maiseadh cred as a ccobharthaóise misi go díomhaóin, ó thárla nemhfhírinne ann bhur bhfreagarthuibh? |
|
|
|
|