|
| 1 |
|
| Cúitíonn Dia |
|
| 2 |
|
| An féidir d' aon duine tairbhe a dhéanamh do Dhia Le go ndéanfadh an t-eagnaí tairbhe dó? |
|
| 3 |
|
| An aon bhuntaiste é don Uilechumhachtach thú a bheith fíréanta? Nó an aon mhaith dó thú a bheith gan locht i do bhearta? |
|
| 4 |
|
| An de bharr do dhúthrachta a chuireann sé pionós ort Agus a théann sé chun breithiúnais leat? |
|
| 5 |
|
| Nach mór í d' urchóid, Agus nach bhfuil do choireanna gan teorainn? |
|
| 6 |
|
| Bhítheá ag éileamh geall gan chúis ar do bhráithre, Agus ag sciobadh a gcuid éadaigh ón mbocht. |
|
| 7 |
|
| Níor thug tú deoch uisce don tuirseach, Agus dhiúltaigh tú arán don ocrach. ABN: 7, 9-14, 8, 18, 15-17, 19 |
|
| 8 |
|
| Ach is ag an tréan atá seilbh ar an talamh, Agus tá cónaí ar an gcumasach ann. |
|
| 9 |
|
| Lig tú na baintreacha uait folamh Agus bhasc tú géaga na ndílleachtaí. |
|
| 10 |
|
| Uime sin tá gaistí i do thimpeall Agus uafás tobann do do sceimhliú. |
|
| 11 |
|
| Dorchaíodh do sholas agus dalladh thú, Agus tá an díle do do bhá. |
|
| 12 |
|
| Nach bhfuil cónaí ar Dhia in uachtar neimhe [Ag féachaint anuas] ar na réaltaí is airde? |
|
| 13 |
|
| Ach deir tú: «Cén t-eolas atá ag Dia? Agus an féidir leis breith a thabhairt tríd an dorchadas? |
|
| 14 |
|
| Tá na néalta mar bhrat tiubh dó agus ní féidir leis feiceáil, Agus siúlann sé ar stua na speire. |
|
| 15 |
|
| An gcloífidh tusa leis an seanchosán, A ghabh na hurchóidigh? |
|
| 16 |
|
| Sciobadh iadsan ar shiúl in antráth, Agus scaoileadh abhainn thar a láithreacha boinn. |
|
| 17 |
|
| Dúradar le Dia: «Imigh uainn!» Agus «Cad is féidir don Uilechumhachtach a dhéanamh linne?» |
|
| 18 |
|
| Líonann sé a dtithe le hiolmhaitheasaí, Agus is cian uaidh comhairle na n-urchóideach.» |
|
| 19 |
|
| Feiceann na fíréin an méid sin agus bíonn áthas orthu, Agus bíonn na neamhchiontaigh ag fonóid fúthu: |
|
| 20 |
|
| «Scriosadh a [réim] go dearfa, Agus loscadh a gconách le tine!» |
|
| 21 |
|
| Déan réiteach le Dia agus bíodh síocháin agat Agus rachaidh sin go mór i dtairbhe duit. |
|
| 22 |
|
| Cuir fáilte roimh bhriathra a bhéil, Agus taiscigh a theagasc i do chroí |
|
| 23 |
|
| Más áil leat filleadh ar an Uilechumhachtach agus tú a thógáil aníos, Díbir an urchóid ó do bhoth, |
|
| 24 |
|
| Agus caith an t-ór sa luaithreach, Agus ór Óifír ar ghrinneall na habhann; |
|
| 25 |
|
| Ansin beidh an tUilechumhachtach agat mar ór, Nó mar airgead ina charnáin. |
|
| 26 |
|
| Beidh an tUilechumhachtach agat mar ábhar lúcháire, Agus ardóidh tú do ghnúis chun Dé. |
|
| 27 |
|
| Guífidh tú chuige, agus éistfidh sé leat, Agus comhlíonfaidh tú do mhóide. |
|
| 28 |
|
| Má bheartaíonn tú cúrsa, rithfidh leat, Agus lonróidh solas ar do bhealaí. |
|
| 29 |
|
| Óir leagann sé ar lár lucht na mbriathar uallach, Agus slánaíonn sé lucht na súl uiríseal. |
|
| 30 |
|
| Fuasclaíonn sé an neamhchiontach, Agus tiocfaidh [tusa] slán trí ghlaine do lámh. |
|
|
|
|