Bíobla Naofa 1981
|
| 1 |
| Cén fáth nach bhfuil a thaisce tráthanna féin ag an Uilechumhachtach? Agus cén fáth nach bhfeiceann lucht a aitheantais a laethanta? |
| 2 |
| Tógann na [coirpigh] marcanna teorann chun siúil; Fuadaíonn siad idir chaoirigh agus [aoire]. |
| 3 |
| Tiomáineann siad asal an dílleachta chun siúil, Agus tógann siad damh na baintrí mar gheall. |
| 4 |
| Seachnaíonn lucht déirce anois na bóithre móra, Agus téann bochta na tíre go léir i bhfolach. |
| 5 |
| Imíonn siad amach faoin bhfásach ar nós na n-asal fiáin, Agus ocras a gclainne [á ngriogadh] Chun bia a lorg sna steipeanna loma. |
| 6 |
| Ní mór dóibh fómhar a bhaint i ngort duine eile, Agus na caora fáin a phiocadh i bhfíonghort an urchóidigh. |
| 7 |
| Caitheann siad an oíche tarrnocht, gan éadach, Gan brat lena gcosaint ón bhfuacht. |
| 8 |
| Fliuchtar go craiceann iad ó fhearthainn na sléibhte, Agus le heaspa fothana, síneann siad le taobh carraige. ABN: 8, 10, 11, 12, 9, 14a, 14b, 15, 14c, 16, 13, 17 |
| 9 |
| Baintear a dtalamh de leanaí gan athair, Agus tógtar [brat] an bhochtáin mar gheall. |
| 10 |
| Téann siad timpeall tarrnocht le heaspa éadaigh, Agus iompraíonn siad na punanna agus iad gan bhia. |
| 11 |
| Caitheann siad brothall an mheán lae idir sraitheanna na bhfíniúna. Déanann siad na cantaoirí fíona a phasáilt agus tart orthu féin. |
| 12 |
| Bíonn osnaíl na mbásachán le cloisteáil ón gcathair, Agus screadann an duine gonta ó chroí. Ach ní thugann Dia cluas [dá nglao]. |
| 13 |
| Is cuma iad nó naimhde an tsolais; Ní eol dóibh a bhealaí, Agus seachnaíonn siad a chosáin. |
| 14 |
| 14a Éiríonn an dunmharfóir roimh lá, 14b Leis an mbocht agus an dealbh a mharú. 14c Téann an gadaí timpeall san oíche, |
| 15 |
| Bíonn an t-adhaltrach ag tnúth leis an gcamhaoir, Á rá: Ní bhfaighfear radharc orm, Agus cuireann sé brat thar a aghaidh. |
| 16 |
| Agus briseann isteach i dtithe sa dorchadas. Sa lá téann siad i bhfolach; Ní eol dóibh siúd an solas. |
| 17 |
| Dóibh go léir, sí an mhaidin an tráth is dorcha, Mar is eol dóibh a huafáis. |
| 18 |
| Deir sibh: «Is tapa a scuabfaí ar shiúl iad ar dhromchla na n-uiscí; Bheadh mallacht ar a gcuid den talamh. Ní thabharfadh a bhfíonghort toradh uaidh cheal uisce. |
| 19 |
| Scuabfadh uiscí an tsneachta a ngairdíní le fána. Dá scrúdódh Dia an peacach, |
| 20 |
| Dhéanfadh an bhroinn a dhealbhaigh é dearmad air, Agus ní thabharfaí a ainm chun cuimhne a thuilleadh. Mar sin a bhascfaí an urchóid mar a dhéanfaí crann.» |
| 21 |
| Mhaslaigh sé an bhean aimrid nár iompair leanbh, Agus ní raibh sé cneasta leis an mbaintreach. |
| 22 |
| Ach cuirtear fad le laethanta an tíoránaigh, Agus beireann sé bua le barr nirt, Nuair a chailleann sé a mhuinín ina bheatha, |
| 23 |
| Tugtar dó socracht agus taca. Dá mbeadh [Dia] ag faire a mbealaí, |
| 24 |
| D' ardófaí iad ar feadh tamaillín, agus ansin theipfidís. Thitfidís ar lár, agus threigfidís ar nós na leamhaí buí, D' fheofaidís ar nós diasa arbhair. |
| 25 |
| Muran mar sin atá, cé a chruthóidh gur thugas m' éitheach, Nó cé a thaispeánfaidh nach fíor iad mo ráite? |
|
| Sábháil Nótaí |
https://beblia.bible:81/BibleAudio/irish/job/024.mp3
42
24