×

Bíobla Naofa 1981

Iób 25

1
Ansin d' fhreagair Bildead ó Shiúach agus dúirt:
2
Cad é tiarnas agus urraim atá ag dul do [Dhia]! Cuireann sé an tsíocháin i réim sna harda.
3
An bhfuil áireamh ar líon a shluaite, Ar tháinig aon duine slán óna [luíocháin]?
4
Arbh fhéidir d' aon duine a bheith fíréanta i láthair Dé? Arbh fhéidir don té a gineadh ó bhean a bheith ionraic?
5
Níl an ghealach féin geal, Ná na realtaí glan ina láthair.
6
Nach lú ná sin an duine, nach bhfuil ann ach cruimh, Agus mac an duine, nach bhfuil ann ach péist.
Irish Bible 1981
An Sagart 1981 Úsáidtear le cead
:
Sábháil Nótaí