×

Bíobla Naofa 1981

Iób 26

1
Ansin d' fhreagair Iób, agus dúirt: ABN: 5, 6, 7, 8, 9, 10, 11, 12, 13, 14, 1, 2, 3, 4
2
Nach breá an chabhair a thug tú don lag! Nach mór an fhuascailt a rinne tú ar an ngéag thláith!
3
Nach maith an chomhairle a thug tú don aineolach! Agus an misneach don lagmhisniúil.
4
Ach cé leis a ndearna tú do chomhráite? Agus cé leis an spiorad a tháinig uait?
5
Bíonn na Rafáím ar crith faoin talamh thíos, Bíonn eagla ar na huiscí agus ar a lucht áitribh.
6
Tá Seól tarrnocht os a chomhair, Agus Abadón gan bhrat.
7
Eisean a leath an Roinn Thuaidh thar an bhfolús Agus a chroch an chruinne ar neamhní.
8
Cheangail sé na huiscí ina néalta, Agus níor stróiceadh na scamaill faoina n-ualach.
9
Chlúdaigh sé aghaidh na [lánré], Agus leath sé a néal thairsti.
10
Chuir sé fáinne thart ar dhromchla na n-uiscí, Ag an teorainn idir solas agus dorchadas.
11
Tagann creathán ar cholúin na spéire, Agus uafás, nuair a chloiseann siad é ag bagairt.
12
Chiúnaigh sé an fharraige lena chumhacht, Agus threascair sé Ráhab lena éirim.
13
Shoilsigh a anáil na spéartha, Agus ghoin a lámh an nathair ar teitheadh.
14
Ach féach! níl sa mhéid sin go léir ach imill a bhealaí! Ní chloisimid uaidh ach macalla cogair! Cé a thuigfeadh toirneach a chumhachta?
Irish Bible 1981
An Sagart 1981 Úsáidtear le cead
:
Sábháil Nótaí