|
| 1 |
|
| Tá mianach ann don airgead Agus tine ann leis an ór a ghlanadh. |
|
| 2 |
|
| Tógtar iarann as an talamh, Agus tagann copar ón gcloch leáite. |
|
| 3 |
|
| Cuireann an duine deireadh le dorchadas. Déanann sé an charraig dhorcha dhubhach a pholladh Síos go híochtar agus go grinneall. |
|
| 4 |
|
| Déanann muintir an lampa mianaigh a thochailt, In áiteanna atá gan teannta don chois, Agus bíonn siad ar cheann téide i gcéin ó dhaoine. |
|
| 5 |
|
| An talamh as a dtagann an t-arán, Déantar é a chreachadh laistíos le tine. |
|
| 6 |
|
| Is leaba saifírí a chlocha, Agus ór is luaithreach aige. ABN: 6, 9, 10-13, 7, 8, 14 |
|
| 7 |
|
| Níl eolas na slí ag an éanlaith chreiche, Agus ní fhaca súil na baidhbhe í. |
|
| 8 |
|
| Níor ghabh na hainmhithe maorga an cosán sin, Ná níor leag an leon a chosa air. |
|
| 9 |
|
| Leagann an duine a lámh ar an mbreochloch, Agus iompaíonn sé na cnoic bunoscionn. |
|
| 10 |
|
| Gearrann sé tolláin trí na carraigeacha, Agus é ag faire amach do gach sort seoide. |
|
| 11 |
|
| Cuardaíonn sé foinsí na n-aibhneacha, Agus nochtann don saol a mbíonn i bhfolach. |
|
| 12 |
|
| Ach an eagna, cá bhfuil sí le fáil Agus cá bhfuil teacht ar an tuiscint? |
|
| 13 |
|
| Ní eol don duine an bealach chuici, Agus ní bhfaightear í i dtír na mbeo. |
|
| 14 |
|
| Deir an duibheagán: «Níl sí ionamsa,» Agus an fharraige: «Níl sí faramsa.» |
|
| 15 |
|
| Ní féidir í a cheannach ar ór, Ná díol aisti le meáchan airgid. |
|
| 16 |
|
| Ní féidir luach a chur uirthi de réir ór Óifír, Ná de réir oinisce ná saifíre lómhaire. |
|
| 17 |
|
| Níl dul ag ór ná ag gloine uirthi, Ná ní féidir soithí óir fhíre a mhalartú uirthi. |
|
| 18 |
|
| Ní fiú cuireal ná criostal a lua I gcóimheas léi ní fiú péarla an t-iascach. |
|
| 19 |
|
| Tópás na hAetóipe ní ionann agus í, Ná ní féidir í a mheas leis an ór fíre. |
|
| 20 |
|
| Ach inis dom, cad as don eagna? Agus cá bhfuil an tuiscint le fáil? |
|
| 21 |
|
| Tá sí i bhfolach ó shúile na mbeo go léir, Agus ceilte ar éanlaith an aeir. |
|
| 22 |
|
| Deir Abadón agus an Bás: «Ní bhfuaireamar ach clos tráchta uirthi.» |
|
| 23 |
|
| Ag Dia amháin is fios a cosán, Agus dó is eol a háit lonnaithe. |
|
| 24 |
|
| Mar tá radharc aige go imill na cruinne, Agus feiceann sé gach ní faoin spéir go léir. |
|
| 25 |
|
| Nuair a thug sé a meáchan don ghaoth, Agus a thomhais sé toirt na n-uiscí, |
|
| 26 |
|
| Nuair a leag sé síos reacht don bháisteach, Agus cosán le leanúint don toirneach, |
|
| 27 |
|
| Bhí radharc aige uirthi, agus cheap sé a fiúntas; Thug breith uirthi agus ghrinnscrúdaigh í. |
|
| 28 |
|
| Agus dúirt sé leis an duine: «Féach, eagla an Tiarna an eagna, Agus an t-olc a sheachaint is ea an tuiscint.» |
|
|
|
|