|
| 1 |
|
| Lean Iób air lena aitheasc ansin agus dúirt: |
|
| 2 |
|
| Uch nach bhfuil an scéal agam mar a bhí sna míonna atá thart, Agus sna laethanta ina raibh Dia i mo chúram. |
|
| 3 |
|
| Nuair a bhí a lampa ag taitneamh os mo chionn, Agus a sholas mar threoir agam sa dorchadas, |
|
| 4 |
|
| Mar a bhí mé i laethanta mo shéin, Nuair a chuir Dia fál timpeall mo bhotha; |
|
| 5 |
|
| Nuair a bhí an tUilechumhachtach fós faram, Agus mo chlann i mo thimpeall; |
|
| 6 |
|
| Nuair a bhí mo chosa á ní le huachtar, Agus ola ina slaoda ó na carraigeacha! |
|
| 7 |
|
| Nuair a ghabh mé amach go geata na cathrach, Nuair a shuigh mé in áit an mhargaidh, |
|
| 8 |
|
| Chonaic na hógánaigh mé agus chuaigh siad i leataobh, Agus d' éirigh na seanóirí ina seasamh. |
|
| 9 |
|
| Scoir na flatha den chaint. Agus leag méara ar a mbeola. |
|
| 10 |
|
| D' éist glór na dtaoiseach, Agus níor bhog a dteanga ón gcarball. |
|
| 11 |
|
| Nuair a chuala an chluas mé, chuir sí a beannacht orm, Agus nuair a chonaic an tsúil mé thug sí fianaise orm. |
|
| 12 |
|
| Óir d' fhuascail mé an bocht nuair a ghlaoigh sé, Agus an dílleachta a bhí gan lámh chúnta. |
|
| 13 |
|
| Tháinig beannacht orm ón té a bhí ag saothrú an bháis Agus chuir mé lúcháir ar chroí na baintrí. |
|
| 14 |
|
| Chuir mé an fhíréantacht umam mar bhrat; Ba gheall le caidhp agus clóca agam an ceart. |
|
| 15 |
|
| Ba shúile mé don dall, Agus cosa don bhacach. |
|
| 16 |
|
| Ba athair mé don bhochtán, Agus d' iniúch mé cúis an duine anaithnid. |
|
| 17 |
|
| Bhris mé giall an éagóraigh Agus sciob mé a chreach óna fhiacla. |
|
| 18 |
|
| Dúirt mé liom féin: «Gheobhaidh mé bás faoi onóir; Rachaidh mo laethanta i líonmhaire dála an chrann pailme, |
|
| 19 |
|
| Agus mo fhréamha leata i dtreo na n-uiscí, Agus an drúcht ag luí ar mo dhuilliúr san oíche. |
|
| 20 |
|
| Ní rachaidh mo cháil ar gcúl, Agus beidh neart úr sa bhogha i mo láimh.» |
|
| 21 |
|
| D' éisteadh daoine liom go foighneach, Agus thugaidís cluas do mo chomhairle gan focal astu. |
|
| 22 |
|
| Nuair a bhíodh deireadh ráite agam ní labhraidís arís, Agus thit mo fhocla orthu ceann ar cheann. |
|
| 23 |
|
| Bhídís ag feitheamh liom mar a bheidís leis an mbáisteach. Agus d' osclaídís a mbéal mar a dhéanfaidís don bháisteach dhéanach. |
|
| 24 |
|
| Dá ngairfinn fúthu, ní chreidfidís; Dá réiteoinn, ní chuirfidís ina choinne. |
|
| 25 |
|
| Dhéanainnse a gcúrsa a roghnú, agus shuínn mar thaoiseach; Agus bhínn mar rí i measc a shluaite, Agus mar shólásaí do lucht an chaointe. |
|
|
|
|