|
| 1 |
|
| Mallacht ar Lá a Bhreithe |
|
| 2 |
|
| Seo mar a dúirt sé: |
|
| 3 |
|
| Scrios ar an lá a rugadh mé Agus ar an oíche a dúirt: «Gineadh mac.» |
|
| 4 |
|
| Gura dorchadas an lá sin! Nár chuire Dia in Airde aon spéis ann! Nár lonraí solas air. |
|
| 5 |
|
| Gura seilbh dhílis ag gruaim agus ag scáil an bháis é! Go luí na scamaill air, Agus go scanraí urú an lae é! |
|
| 6 |
|
| Go bhfaighe dorchadas tiubh greim ar an oíche úd, Nár [chuirtear] í le laethe na bliana, Nár áirítear i le líon na míonna! |
|
| 7 |
|
| Bíodh an oíche úd gruama, Nár thaga gáir áthais ina gaire! |
|
| 8 |
|
| Go gcuire mallachtóirí an lae a mallacht uirthi, Agus an mhuintir atá réidh Leiviatan a mhúscailt! |
|
| 9 |
|
| Gura dorcha iad réaltaí a camhaoire; Ná bíodh toradh ar a fuireach le solas; Nár fheice sí fabhraí na maidine! |
|
| 10 |
|
| Uch nár dhún sé comhlaí na broinne orm Agus nár cheil an brón ar mo shúile. |
|
| 11 |
|
| Cén fáth nár cailleadh mé sa bhroinn, Nach bhfuair mé bás ag teacht dom aisti? |
|
| 12 |
|
| Cén fáth ar ghlac dhá ghlúin liom, Cén fáth a raibh cíocha ann dom le diúl? |
|
| 13 |
|
| Ansin a luífinn síos faoi shuaimhneas, Rachainn a chodladh agus ligfinn mo scíth, |
|
| 14 |
|
| Mar aon le ríthe agus le comhairleoirí na cruinne, A thóg dóibh féin na láithreacha a bhí bánaithe, |
|
| 15 |
|
| Nó le flatha a mbíodh ór ina seilbh, Agus a líonadh a dtithe le hairgead; |
|
| 16 |
|
| Nó mar mharbhleanbh folaithe [nach raibh ann], Amhail naíonáin nach bhfaca riamh an solas. |
|
| 17 |
|
| Ansiúd a scoireann na hurchóidigh dá n-urchóid Agus ansiúd a bhíonn lucht tuirse faoi shuaimhneas. |
|
| 18 |
|
| Bíonn na cimí ar a suaimhneas le chéile, Gan guth an tseiléara le clos a thuilleadh. |
|
| 19 |
|
| Is cuma uasal agus íseal ansiúd, Agus tá an daor saor óna mhaistir. |
|
| 20 |
|
| Cad chuige a dtugtar an solas don té atá faoi bhuairt? Agus an bheatha don drong atá faoi sheirfean anama, |
|
| 21 |
|
| An drong a shantaíonn an bás ach gan é a theacht Agus gur mó a dtóir air ná ar chiste folaithe; |
|
| 22 |
|
| An drong a bhíonn ag rince le corp lúcháire, Agus iad ag déanamh gairdis nuair a shroicheann siad an uaigh; |
|
| 23 |
|
| Cad chuige a dtugtar an solas don duine a bhfuil a shlí i bhfolach, Agus ar thóg Dia fál ina thimpeall? |
|
| 24 |
|
| Mar bhia tagann chugam m' osnaíl Agus scaoiltear le m' uchláin ina dtuile. |
|
| 25 |
|
| An rud is baol liom, tagann sé i gcrích orm; An rud is eagal liom, titeann sé sa mhullach orm. |
|
| 26 |
|
| Níl agam suaimhneas ná síoth, Níl agam sos, ach buaireamh i mo dháil. |
|
|
|
|