|
| 1 |
|
| Ach is ceap magaidh mé anois Ag na sóisir, ag dream is óige ná mé féin, Nárbh fhiú liom a n-aithreacha A chur i bhfeighil mo thréad le mo mhadraí. |
|
| 2 |
|
| Cén tairbhe dom neart a lámh, Mar ní raibh aon lúth fágtha sa dream úd |
|
| 3 |
|
| Le gannchúis agus le gorta! Bhídís ag cogaint fréamha luíonna an fhásaigh, |
|
| 4 |
|
| Agus na leamhaí buí agus duilliúr na dtor; Ní raibh de bhia acu ach fréamh an aitinn. |
|
| 5 |
|
| Tiomáineadh ó chomhluadar daoine iad; Tógadh liú ina n-aghaidh dála an ghadaí; |
|
| 6 |
|
| Níor mhór dóibh cur fúthu in aillteacha na ngleannta, In uaimheanna talún agus i bpluaiseanna carraige. |
|
| 7 |
|
| Bhídís ag lógóireacht i measc na dtor, Agus ag brú ar a chéile sna neantóga. |
|
| 8 |
|
| Síol gan uaisleacht gan mheas, Scriosadh iad as an tír. |
|
| 9 |
|
| Sin iad an dream anois a bhfuilim mar ábhar amhrán acu! Táim i mo sceith béil acu. |
|
| 10 |
|
| Tá an ghráin acu orm agus seachnaíonn siad mé. Ní scorn leo seile a chaitheamh san aghaidh orm. |
|
| 11 |
|
| De bhrí gur bhain Dia mo chumas díom, agus gur threascair sé mé, Chaitheadar an béalbhach as a mbéal. |
|
| 12 |
|
| Ar dheis, tá an ghramaisc ag éirí i mo choinne, Agus ag caitheamh asachán [liom], Agus ag céimniú go bagrach i m' aghaidh. |
|
| 13 |
|
| Tá bac ar mo chosáin go léir acu le mé a scrios; Ritheann leo agus níl aon duine lena gcosc. |
|
| 14 |
|
| Tagann siad ar aghaidh mar a bheadh trí bhearna leathan, Agus basctar mé faoin mbruscar. |
|
| 15 |
|
| Scaoileadh uafáis liom, Agus séideadh m' onóir chun siúil, mar a bheadh le gaoth, Agus d' imigh mo chonách uaim mar a bheadh néal. |
|
| 16 |
|
| Tá m' anam ag leá uaim, Agus greim ag laethanta péine orm. |
|
| 17 |
|
| Bíonn doitheacha i mo chnámha san oíche; Bíonn pianta do mo chreimeadh gan sos. |
|
| 18 |
|
| Rug [Dia] ar bhrat orm le teann nirt, Agus fuair greim ar bhóna m' fhallainge. |
|
| 19 |
|
| Chaith sé sa dríb mé Agus is cuma mé nó lathach is luaithreach. |
|
| 20 |
|
| Glaoim ort gan freagra a fháil; Seasaim os do chomhair, ach ní thógann tú ceann díom. |
|
| 21 |
|
| D' éirigh tú cruálach ag plé liom, Agus buaileann tú mé le neart do láimhe. |
|
| 22 |
|
| Ardaíonn tú ó thalamh mé le hiompar ag an ngaoth, Agus suaitheann tú mé i súil na stoirme. |
|
| 23 |
|
| Tá a fhios agam gur go dtí an bás atá tú do mo bhreith, Agus go teach cruinnithe na mbeo go léir. |
|
| 24 |
|
| Ach ar leag mise lámh riamh ar na boicht Agus iad ag glaoch ag lorg fóirithinte óna dtubaiste? |
|
| 25 |
|
| Ghoil mé go deimhin ar son lucht an tsaoil bhrónaigh, Agus chaoin mé cás an bhochtáin. |
|
| 26 |
|
| Bhí mé ag súil leis an maith, ach sé an t-olc a tháinig. Bhí mé ag súil leis an solas, ach sé an dorchadas a thit. |
|
| 27 |
|
| Tá suaitheadh ar mo chroí, gan suaimhneas air choíche, Agus é gach lá ag iompar a ualach bróin. |
|
| 28 |
|
| Gabhaim timpeall go dubhach, gan [sólás ar fáil dom]. Seasaim sa chomhthionól, ach is le glaoch ar chabhair. |
|
| 29 |
|
| Is bráthair don seacál mé, Agus comrádaí don ostrais. |
|
| 30 |
|
| Dhúigh mo chraiceann orm Agus tá mo chnámha á loscadh ag fiabhras. |
|
| 31 |
|
| Tá mo chruit i dtiúin don olagón, Agus m' fheadóg do ghlór lucht an chaointe. |
|
|
|
|