|
| 1 |
|
| Éist le mo bhriathra, a Iób, Agus tabhair cluas do m' fhocail go léir! |
|
| 2 |
|
| Féach, nuair a osclóidh mé mo bhéal, Agus go mbeidh mo theanga ag gearradh na bhfocal de mo charball, |
|
| 3 |
|
| Fogróidh mo chroí briathra eagnaí Agus labhróidh mo bheola le lándáiríre. ABN: 3, 5, 6, 4, 7 |
|
| 4 |
|
| Spiorad Dé a rinne mé, Agus sé a anáil a chuir anam ionam. |
|
| 5 |
|
| Bréagnaigh mé, más féidir duit; Réitigh fód do sheasaimh romham. |
|
| 6 |
|
| Féach ní [dia] mise, ach duine mar thú féin. Dealbhaíodh mise as an gcré, do dhála féin. |
|
| 7 |
|
| Ná cuireadh eagla romham aon mhairg ort, Ní luífidh mise go trom ort. |
|
| 8 |
|
| Dúirt tú i gclos mo chluas Chuala mé na focail féin uait |
|
| 9 |
|
| «Táim gan cháim, gan pheaca; Táim ionraic, saor ó urchóid. |
|
| 10 |
|
| Tá sé ag fáil leithscéalta i m' aghaidh, Agus do m' áireamh mar namhaid. |
|
| 11 |
|
| Chuir sé mo chosa i gceap, Agus faireann sé mo bhealaí go léir.» |
|
| 12 |
|
| Níl an ceart agat sa mhéid sin, a deirim leat, Óir is mó Dia ná an duine. |
|
| 13 |
|
| Cad ab áil leat ag gearán faoi Nár fhreagair sé thú, focal ar fhocal. |
|
| 14 |
|
| Labhraíonn Dia ar dtús ar shlí Agus ansin ar shlí eile, cé nach dtugtar faoi deara é: |
|
| 15 |
|
| Labhraíonn sé trí aislingí agus trí fhíseanna oíche, Nuair a thiteann daoine ina dtoirchim suain, Agus iad ina sámhchodladh ina leaba. |
|
| 16 |
|
| Ansin is ea a chuireann sé cogar ina gcluais, Agus a chuireann sé scéin iontu le huafáis, |
|
| 17 |
|
| D' fhonn an duine a iompú óna dhrochbhearta, Agus deireadh a chur lena dhíomas. |
|
| 18 |
|
| Déanann sé a bheo a chosaint ar an uaimh, Agus a anam a shábháil ó Sheól. |
|
| 19 |
|
| Déanann sé an duine a cheartú le pianta ar a leaba, Nuair a bhíonn creathán gan stad ina chnámha, |
|
| 20 |
|
| Agus bia ag cur masmas dearg air; Agus gráin ó chroí aige ar shóláis; |
|
| 21 |
|
| Agus a fheoil á creimeadh os comhair do shúl; Agus a chnámha le feiceáil ag gobadh go nocht óna gclúid; |
|
| 22 |
|
| Agus a anam ag druidim leis an uaimh, Agus a bheo le [teach na marbh]. |
|
| 23 |
|
| Ansin bíonn aingeal láimh leis, Idirghabhálaí, aon ar mhílte, Lena dhualgas a chur in iúl dó, |
|
| 24 |
|
| Le bheith cneasta leis, agus a rá: «Fuascail é ó thitim san uaimh, Fuair mé geall ar a shon»; |
|
| 25 |
|
| Bíonn a chneas arís i mbláth na hóige; Agus filleann sé arís ar laethanta a chumais. |
|
| 26 |
|
| Guíonn sé chun Dé agus tugann seisean aird air; Agus feiceann sé a ghnúis agus lúcháir air, Agus fógraíonn sé don saol scéal a shaortha; |
|
| 27 |
|
| Canann sé an chaithréim seo os comhair daoine: «Pheacaigh mé, agus thréig mé cosán na fíréantachta, Ach ní dhearna [Dia] díoltas orm. |
|
| 28 |
|
| D' fhuascail sé m' anam ó dhul síos san uaimh, Agus beidh mo shaol faoi sholas.» |
|
| 29 |
|
| Déanann Dia na nithe seo go léir Arís agus arís eile don duine. |
|
| 30 |
|
| Fuasclaíonn sé a anam ón uaimh, Le go mbeadh solas na beatha ag taitneamh air. |
|
| 31 |
|
| A Iób, éist liom, agus bíodh aird agat orm! Bí i do thost, tá a thuilleadh le rá agam! |
|
| 32 |
|
| Má tá aon ní le rá agat, freagair mé! Labhair amach, mar is fonnmhar a admhóinn thú a bheith gan choir. |
|
| 33 |
|
| Mura bhfuil, tabhair cluas dom; Bí i do thost fad a bheidh mise ag teagasc na heagna duit. |
|
|
|
|