Bíobla Naofa 1981
|
| 1 |
| Lean Eilíhiú air lena aitheasc agus dúirt: |
| 2 |
| An dóigh leat gur chóir duit A rá: «Táimse fíréanta i láthair Dé»? |
| 3 |
| Agus ceist a chur air: «Cad é sin duitse? Cén dochar duitse é má dhéanaimse peaca?» |
| 4 |
| Tabharfaidh mise freagra ort féin Agus ar do chairde chomh maith. |
| 5 |
| Féach suas chun na spéartha, agus feic; Spiúnaigh na néalta go hard os do chionn. |
| 6 |
| Má pheacaíonn tú, conas a sháraíonn tú é? Más líonmhar iad do chionta cén dochar a dhéanann tú dó? |
| 7 |
| Má bhíonn tú fíréanta, cad a bhronnann tú air? Agus cad a fhaigheann sé ó do láimh? |
| 8 |
| Do chomharsa a bhíonn thíos le d' urchóid, Agus is leis an duine daonna a bhaineann do dheabhearta. |
| 9 |
| Glaonn daoine os ard de bharr géarleanúintí, Agus bíonn siad ag cáiseamh de bharr forneart an tréin. |
| 10 |
| Ach ní deir aon duine: «Cá bhfuil Dia, mo chruthaitheoir, An té a thugann fóirithint san oíche, |
| 11 |
| Agus a dhéanann sinn níos gaoismheara ná ainmhithe na cruinne. Agus níos críonna ná éanlaith an aeir.» |
| 12 |
| Glaonn siadsan, ach ní thugann sé freagra, De bharr dhíomas na n-urchóideach. |
| 13 |
| Nach baoth a mheas go bhfuil Dia bodhar, Agus nach dtugann an tUilechumhachtach aon ní faoi deara. |
| 14 |
| Deir tú: «Ní fheiceann sé mé; Tá mo chás curtha faoina bhraid, ach ní mór dom feitheamh fós!» |
| 15 |
| Nó: «Ní chuireann a fhearg pionós i bhfeidhm, Ná ní dhealraíonn sé gur eol dó ceannairc na ndaoine.» |
| 16 |
| Is le barr baoise a osclaíonn Iób a bhéal, Agus le teann aineolais a labhraíonn sé chomh fadálach sin. |
| Sábháil Nótaí |
https://beblia.bible:81/BibleAudio/irish/job/035.mp3
42
35