|
| 1 |
|
| Lean Eilíhiú air ag caint agus dúirt: |
|
| 2 |
|
| Bí foighneach go fóill, agus taispeánfaidh mé duit, Óir tá breis le rá agam ar son Dé. |
|
| 3 |
|
| Beidh argóintí liom ag teacht ón imigéin Agus mé á dheimhniú go bhfuil mo cruthaitheoir sa cheart. |
|
| 4 |
|
| Níl bréag i mo ráite, bí deimhin de, Tá duine atá foirfe ina chuid eolais ag plé leat. |
|
| 5 |
|
| Ní dhiúltaíonn Dia don té atá glan ó chroí; |
|
| 6 |
|
| Ná ní fhágann an peacach i mbláth a chumhachta. Tugann sé a chuid don bhocht, |
|
| 7 |
|
| Agus cosnaíonn cearta an fhíréin. Nuair a ardaíonn sé ríthe chun na corónach, Agus go dtagann díomas orthu de bharr a réime gan chrích, |
|
| 8 |
|
| Cuireann sé i ngéibheann geimhleach iad, Go daingean i mbraighdeanas an anró. |
|
| 9 |
|
| Fógraíonn sé a mbearta dóibh, Agus peacaí an uabhair a rinne siad. |
|
| 10 |
|
| Cuireann sé cogar ina gcluais, Á áiteamh orthu casadh ó chosán a bpeacaí. |
|
| 11 |
|
| Má éisteann siad agus rud a dhéanamh air, Bíonn an rath ar dheireadh a saoil, Agus a mblianta deiridh go sochma. |
|
| 12 |
|
| Ach mura ndéanann siad, maraítear le faobhar claímh íad, Agus buaileann an bás iad gan choinne. |
|
| 13 |
|
| Déanann na héagráifigh ó chroí an fhearg a chothú Agus ní ghlaonn siad ag lorg cabhrach nuair a chraplann sé iad. |
|
| 14 |
|
| Faigheann siad bás ina n-óige, Nó caitheann siad saol náireach; |
|
| 15 |
|
| Ach saorann sé an mhuintir umhal lena n-ainnise, Agus osclaíonn a gcluasa le cruatan. |
|
| 16 |
|
| Tá faoiseamh á bheartú aige duitse freisin; Bhí cónaí ort tráth i só gan teorainn, Agus sólais mhéithe ar do bhord. |
|
| 17 |
|
| Ach ní dhearna tú na coirpigh a dhaoradh; Rinne tú slad ar chearta na ndílleachtaí. |
|
| 18 |
|
| Seachain agus ná mealladh maoin thú, Agus ná déanadh breabanna teanna thú a chur amú. |
|
| 19 |
|
| Cúisigh lucht na maoine chomh maith leis na boicht, Lucht an lámh láidir chomh maith leis an dream lag. |
|
| 20 |
|
| Ná satail ar na daoine nach aithnid duit D' fhonn do ghaolta a chur ina n-áit. |
|
| 21 |
|
| Seachain agus ná claon leis an olc, Mar sin é is cúis dáiríre le d' anró. |
|
| 22 |
|
| Féach! tá Dia á mhóradh lena neart, Cé is teagascóir mar é? |
|
| 23 |
|
| Cé a dúirt leis riamh céard a bhí le déanamh aige? Nó go raibh sé de dhánaíocht ann a rá: «Rinne tú éagóir»? |
|
| 24 |
|
| Féach chuige go mórfaidh tú a oibreacha; Bhí siad go minic ina n-ábhar molta ag daoine. |
|
| 25 |
|
| Is soiléir iad don saol mór, Agus tá radharc orthu ón imigéin. |
|
| 26 |
|
| Is éachtach é Dia, agus sáraíonn sé ár n-eolas; Níl áireamh ar líon a bhlianta. |
|
| 27 |
|
| Eisean a chuireann srian leis an mbáisteach Agus déanann sé na ceathanna a scaipeadh ina gceo; |
|
| 28 |
|
| Bíonn na scamaill á sceitheadh Ina dtuilte ar an gcine daonna. ABN; 28, 31, 29, 30, 32 |
|
| 29 |
|
| Cé a thuigfeadh conas a leathann sé na scamaill, Nó a bhriseann an toirneach óna phailliún? |
|
| 30 |
|
| Leathann sé a cheo ina thimpeall, Agus clúdaíonn sé barr na gcnoc. |
|
| 31 |
|
| Leosan a dhéanann sé na pobail a chothú, Agus a dháileann sé bia go fial. |
|
| 32 |
|
| Cnuasaíonn sé an tintreach ina mhám, Agus tugann treoir di i leith na sprice. |
|
| 33 |
|
| Tugann an toirneach rabhadh é bheith ag teacht; Faigheann an fhearg an lámh in uachtar ar an urchóid. |
|
|
|
|