|
| 1 |
|
| A Chéad Aitheasc: Eagna an Chruthaitheora |
|
| 2 |
|
| Cé hé seo atá ag dorchú mo bheartas Le focail gan stuaim gan éifeacht? |
|
| 3 |
|
| Cuir do chrios faoi do choim go fearúil; Cuirfidh mise na ceisteanna anois agus tabhairse na freagraí dom! |
|
| 4 |
|
| Cá raibh tú nuair a leag mé síos máithreacha na cruinne? Inis dom é, os rud é go bhfuil tú chomh heolgaiseach! |
|
| 5 |
|
| Cé chinntigh a tomhais, mar is eol duit sin, ar ndóigh? Agus cé shín an dorú ar a fad? |
|
| 6 |
|
| Cad air a bhfuil ceapa a colúin ina luí? Agus cé a chuir a cloch chúinne ina leaba, |
|
| 7 |
|
| Nuair a bhí réaltaí uile na maidine ag canadh le lúcháir, Agus clann Dé go léir ag glao le háthas? |
|
| 8 |
|
| Cé a d' iaigh an mhuir isteach le comhlaí, Nuair a bhrúcht sí amach as an mbroinn? |
|
| 9 |
|
| Nuair a chuir mé an néal mar éide uirthi, Agus an scamall dubh mar bhindealán uimpi. |
|
| 10 |
|
| Chuir mé teorainn léi, Agus shocraigh mé barraí agus doirse di. |
|
| 11 |
|
| Agus dúirt mé: «An fad seo a thiocfaidh tú, ach gan teacht thairis seo; Anseo a theilgfear do thonnta uaibhreacha droim ar ais.» |
|
| 12 |
|
| Ar thug tú ordú don mhaidin riamh i do shaol? Ar thaispeáin tú a háit d' fháinne an lae? |
|
| 13 |
|
| Chun go mbéarfadh sé greim ar imill an domhain Agus go ndéanfaí na héagráifigh a chroitheadh as, |
|
| 14 |
|
| Agus sa chaoi go dtugtar a chruth chun léire mar a bhuailtear cló ar chré le séala, Agus go ndéantar é a dhathú mar bhrat, |
|
| 15 |
|
| Agus go mbaintear a solas de na héagráifigh, Agus go mbristear an ghéag a ardaíodh chun buille a bhualadh. |
|
| 16 |
|
| An ndeachaigh tú síos i ndoimhne na farraige? Agus ar shiúil tú i ndiamhra an aigéin? |
|
| 17 |
|
| Ar nochtadh duit doirse an éaga Nó an bhfaca tú geataí scáil an bháis? |
|
| 18 |
|
| Ar mheas tú leithead na talún? Inis, más fios duit, a fairsinge dom. |
|
| 19 |
|
| Cá bhfuil an tslí chun áit an tsolais? Agus dála an dorchadais, cá háit a bhfuil sé? |
|
| 20 |
|
| Nach tusa a thugann leat chun a fhearannais é? Nach agatsa atá fios na slí chun a thísean? |
|
| 21 |
|
| Is duitse is eol, ó rugadh an uair sin thú, Agus ós mór é líon do bhlianta. |
|
| 22 |
|
| Ar ghabh tú isteach i dtaiscí an tsneachta? Nó an bhfaca tú stórais an chloch shneachta |
|
| 23 |
|
| Atá a taisciú agam le haghaidh uain na hanacra, I gcomhair lá an chatha agus an chogaidh? |
|
| 24 |
|
| Cá bhfuil an bealach go gabhal na tintrí Mar a scaipeann sí a lasair ar fud an domhain? |
|
| 25 |
|
| Cé ghearr canáil don tuile Agus bealach don toirneach? |
|
| 26 |
|
| Le go dtitfeadh uisce ar fhearann gan áitreabh daoine, Ar an bhfásach atá gan duine ann, |
|
| 27 |
|
| I dtreo go sásaítear an díthreabh uaigneach, Agus go n-eascrann an féar glas ón talamh a bhí tirim. |
|
| 28 |
|
| An bhfuil athair ag an mbáisteach? Nó cé a ghin na cruinneaga drúchta? |
|
| 29 |
|
| Cén bhroinn as a dtagann an leac oighir? Nó cé ghineann sioc liath na spéire, |
|
| 30 |
|
| Nuair a chruann na huiscí ina gcarraig, Agus a théachtann dromchla na bóchna? |
|
| 31 |
|
| An féidir duit an Treighdín a ghléasadh ina fhearas, Nó a cuibhreach a bhaint de Shlat an Rí? |
|
| 32 |
|
| An dtig leat réalta na maidine a sheoladh ar a cúrsa ráithe ar ráithe, Nó an Camchéachta is a chuingir a threorú ar a mbealach? |
|
| 33 |
|
| An eol duit reachta na spéire? An féidir duit a réim a shuíomh ar talamh? |
|
| 34 |
|
| An dtig leat do ghuth a ardú chun na néalta, Agus iallach a chur ar na tuilte teanntaithe uisce [do thoil a dhéanamh]? |
|
| 35 |
|
| An dtiocfaidh na splancanna tintrí ag géilleadh do do bhriathar Agus a rá: «Anseo dúinn!»? |
|
| 36 |
|
| Cé a chuir an eagna sna néalta, Nó a thug tuiscint do mo scamall cumhdaigh? |
|
| 37 |
|
| Cé a d' fhéadfadh na néalta a áireamh le críonnacht? Cé a d' fhéadfadh seithí uisce na bhflaitheas a chur ar leathmhaing, |
|
| 38 |
|
| Nuair a dhlúthaíonn an smúit ina dlúmh, Agus a chruann na fóid le chéile ina mbalc? |
|
| 39 |
|
| An féidir duit a chreach a fhiach don leon, Nó goile na leon óg a shásamh, |
|
| 40 |
|
| Agus iad ina luí ina bpluais Nó i luíochán ina mothar? |
|
| 41 |
|
| Cé a dhéanann soláthar don bhadhbh, Nuair a scréachann a gearrcaigh chun Dé Agus a [scrogaill sínte] in airde acu le hocras? |
|
|
|
|