|
| 1 |
|
| Ansin d' fhreagair Eilífeaz ó Théamán agus dúirt: |
|
| 2 |
|
| Má leomhann duine focal á rá leat, an gcuirfidh tú suas leis? Ach cé a d' fhéadfadh fanacht ina thost? |
|
| 3 |
|
| Féach! nach iomaí duine a cheartaigh tú! Do lámha laga thug tú neart. |
|
| 4 |
|
| Ba thaca iad do bhriathra don té a fuair tuisle; Neartaigh tú na glúine laga. |
|
| 5 |
|
| Anois is é do thuras féin é, agus theip ar d' fhoighne. Buaileann sé thú féin agus titeann an lug ar an lag agat. |
|
| 6 |
|
| Nach bhfuil muinín agat as d' fhíréantacht Agus dóchas agat as do bheatha ionraic? |
|
| 7 |
|
| Cuimhnigh anois, cén duine ionraic riamh a scriosadh? Cár milleadh lucht na córa? |
|
| 8 |
|
| Dé réir mar a chonaic mise, an dream a threabhann an urchóid Agus a chuireann síol na trioblóide, baineann siad í mar fhómhar. |
|
| 9 |
|
| Scriosann anáil Dé iad, Agus milleann racht dá fhearg iad. |
|
| 10 |
|
| [Múchtar] búir an leoin agus scréach an bhanleoin; Bristear fiacla na gcoileán leoin. |
|
| 11 |
|
| Cailltear an seanleon d' uireasa creiche, Agus téann scaipeadh ar choileáin an bhanleoin. |
|
| 12 |
|
| Fuair mé focal, más ea, faoi choim, Agus fuair mo chluas gaoth an fhocail sin. |
|
| 13 |
|
| I measc smaointe a rith chugam in aislingí oíche, Nuair a bhíonn daoine i dtoirchim suain, |
|
| 14 |
|
| Tháinig scéin orm agus critheagla, Agus bhí mo chnámha go léir ar ballchrith. |
|
| 15 |
|
| Shleamhnaigh leoithne thar m' aghaidh Agus d' éirigh mo ghuairí ina gcolgsheasamh. |
|
| 16 |
|
| Bhí neach ina sheasamh ansiúd, nár aithin mé a chló; Bhí scáil os comhair mo shúl. Bhí ciúnas, agus ansin chuala glór caoin: |
|
| 17 |
|
| «An féidir do dhuine daonna a bheith cóir i láthair Dé? An féidir do dhuine a bheith glan i láthair a chruthaitheora? |
|
| 18 |
|
| Ní chuireann [Dia] a mhuinín ina searbhóntaí féin; Agus faigheann sé locht ar a aingil féin. |
|
| 19 |
|
| Nach mó is amhlaidh sin do lucht cónaithe i dtithe cré, Arb é an luaithreach a mbunús, A bhruítear mar an leamhan! |
|
| 20 |
|
| Scriostar iad idir maidin agus nóin; Milltear go brách iad, gan neach á dtarrtháil. |
|
| 21 |
|
| Staitear [pionna] a mbotha Agus faigheann siad bás d' uireasa eagna.» |
|
|
|
|