|
| 1 |
|
| Ansin dúirt an Tiarna le Iób: |
|
| 2 |
|
| An bhfuil céile comhraic an Uilechumhachtaigh ar tí géilleadh? An bhfuil freagra tagtha chun an té atá ag áiteamh le Dia? |
|
| 3 |
|
| Ansin d' fhreagair Iób an Tiarna: |
|
| 4 |
|
| Féach! Is beag le rá mise; cén freagra a thabharfaidh mé ortsa? Is fearr dom mo lámh a leagan ar mo bhéal, dá bhrí sin. |
|
| 5 |
|
| Aon uair amháin a labhair mé, agus ní [labhróidh mé] athuair. Arís eile ní dhéanfaidh mé a thuilleadh. |
|
| 6 |
|
| Ansin d' fhreagair an Tiarna Iób as an anfa gaoithe agus dúirt: |
|
| 7 |
|
| Cuir do chrios faoi do choim go fearúil; Cuirfidh mise na ceisteanna anois agus tabhairse na freagraí. |
|
| 8 |
|
| An dteastaíonn uait mo bhreith a bhréagnú, Mise a chur san éagcóir d' fhonn thú féin a chur sa chóir? |
|
| 9 |
|
| An bhfuil neart Dé i do láimhse, An bhfuil glór toirní agat mar atá aigesean? |
|
| 10 |
|
| Gabh chugat do dhínit agus do mhaorgacht más ea! Cuir umat do ghlóir is do loinnir! |
|
| 11 |
|
| Scaoil le fraoch d' fheirge, Ísligh gach uaibhreach le silleadh do shúl. |
|
| 12 |
|
| Treascair gach díomasach le silleadh do shúl, Agus leag ar lár na hurchóidigh ar an bhfód ina bhfuil siad. |
|
| 13 |
|
| Adhlaic le chéile sa chré iad, Agus iaigh sa charcair íochtarach iad, gan focal as a mbéal. |
|
| 14 |
|
| Beidh mise ar an gcéad duine ansin lena admháil, Gur féidir do do lámh dheas féin an bua a bhreith duit. |
|
| 15 |
|
| Féach Bahaemót! rinne mé é mar aon leat; Itheann sé féar mar an damh |
|
| 16 |
|
| Nach aige atá an neart ina leasracha, Agus an cumas i bhfeithleoga a bhoilg! |
|
| 17 |
|
| Tá a eireaball chomh teann le crann céadair, Agus tá féithleoga a cheathrúna go daingean le chéile. |
|
| 18 |
|
| Is cuma nó píopaí práis a chnámha, Agus is cuma a ghéaga nó sparaí iarainn. |
|
| 19 |
|
| Eisean sárshaothar Dé, Ach bhagair a chruthaitheoir an claíomh air, |
|
| 20 |
|
| Á chosc ó arda na sléibhte, Mar a mbíonn na hainmhithe allta go léir ag súgradh. |
|
| 21 |
|
| Luíonn sé dá bhrí sin faoin loiteog, Agus téann i bhfolach i measc ghiolcach an bhogaigh; |
|
| 22 |
|
| Faigheann sé scáth ó dhuilliúr na loiteoige, Agus fothain ó shaileoga an tsrutháin. |
|
| 23 |
|
| Má sceitheann abhainn thar a bruacha, ní chuireann sé mairg air. Dá mbrúchtfadh an Iordáin [ina chraos], ba chuma leis. |
|
| 24 |
|
| Cé a bhéarfaidh air ina uachais, Nó a chuirfidh bacán ar a chaincín? |
|
|
|
|