|
| 1 |
|
| 40:25 An féidir duit an Leiviatan a tharraingt amach ar dhubhán? Nó dorú a chur timpeall a theanga? |
|
| 2 |
|
| 40:26 An féidir duit fáinne a chur ar a shrón Nó dubhán a chur trína ghiall? |
|
| 3 |
|
| 40:27 An ndéanfaidh sé mórchuid impí chugat? Nó an meallfaidh sé thú le bladar? |
|
| 4 |
|
| 40:28 An ndéanfaidh sé margadh leat A bheith ina dhaor agat go brách? |
|
| 5 |
|
| 40:29 An ndéanfaidh tú peata de mar a dhéanfá d' éan Nó é a chur ar iall do do chailíní? |
|
| 6 |
|
| 40:30 An ndéanfaidh na cumainn iascairí é a dhíol Agus ansin é a roinnt ar na ceannaitheoirí? |
|
| 7 |
|
| 40:31 An ndéanfaidh tú a sheithe a chlúdach le bacáin, Nó a cheann le gathanna? |
|
| 8 |
|
| 40:32 Ní gá duit ach baint leis, Agus ní dhéanfaidh tú dearmad ar a chomhrac, ná dul sa seans arís. |
|
| 9 |
|
| 41:1 Ba bhaoth é do dhóchas go deimhin, Mar dhéanfadh fiú radharc air duine a threascairt. |
|
| 10 |
|
| 2 Nuair a mhúsclaítear é, éiríonn sé fíochmhar, Ní féidir d' aon duine dul i ngleic leis. |
|
| 11 |
|
| 3 Cé a d' fhéadfadh é ionsaí agus teacht slán? Ní fhéadfadh neach faoin spéir. |
|
| 12 |
|
| 4 Ní bheidh mé i mo thost faoina ghéaga, Ná faoina neart éachtach, ná a chló gan cháim. |
|
| 13 |
|
| 5 Cé a d' fhéadfadh béal a chóta a oscailt Nó ropadh trína lúireach dhúbailte? |
|
| 14 |
|
| 6 Cé a d' fhéadfadh comhlaí a aghaidh a oscailt? Tá uafás mórthimpeall a fhiacal. |
|
| 15 |
|
| 7 Is cuma nó sraith sciath a dhroim, Agus séala cloch á n-iadh. |
|
| 16 |
|
| 8 Táid i ngar dá chéile, I dtreo nach dtéann aer eatarthu. |
|
| 17 |
|
| 9 Táid i ngreim ina chéile, I dtreo go bhfuil siad go dlúth ina n-aonad. |
|
| 18 |
|
| 10 Nuair a ligeann sé sraoth, bladhmann solas uaidh, Agus bíonn a shúile mar dheargadh an dá néal. |
|
| 19 |
|
| 11 Tagann lóchrainn lonracha as a bhéal, Agus preabann mar a bheadh spréanna tine as. |
|
| 20 |
|
| 12 Tagann gal óna pholláirí Mar a bhíonn ó choire ar fiuchadh ar an tine. |
|
| 21 |
|
| 13 Cuireann a anáil sméaróidí trí thine, Agus tagann lasair as a bhéal. |
|
| 22 |
|
| 14 Tá an neart ag lonnú ina mhuineál, Agus tá an t-uafás ag damhsa os a chomhair. |
|
| 23 |
|
| 15 Dlúthaíonn a sprochaillí feola le chéile, Agus bíonn siad daingean dobhogtha air. |
|
| 24 |
|
| 16 Tá a chroí chomh teann le cloch, Chomh daingean leis an mbró íochtair. |
|
| 25 |
|
| 17 Nuair a éiríonn sé tagann scéin ar na [tonnta], Agus téann na [madhma] féin ar gcúl. |
|
| 26 |
|
| 18 Dá mbuailfeadh an claíomh é, ní chuirfeadh sé as dó, Ná an tsleá, ná an ga, ná an bhunsach. |
|
| 27 |
|
| 19 Is cuma leis iarann nó dias, práis nó adhmad críon. |
|
| 28 |
|
| 20 Ní chuireann saighead an teitheadh air, Agus is cuma leis clocha láimhe nó brobanna tuí. |
|
| 29 |
|
| 21 Is cuma leis bata nó giolcach, Agus gáireann sé faoi fhead na bunsaí. |
|
| 30 |
|
| 22 Tá sligí géara faoi thíos, Agus gluaiseann sé thar an gceachair mar bhráca. |
|
| 31 |
|
| 23 Cuireann sé an duibheagán ar fiuchadh mar choire, Agus an fharraige ag brúchtaíl mar phota cumhráin. |
|
| 32 |
|
| 24 Fágann sé cosán glioscarnach ina dhiaidh, Agus bíonn mar a bheadh lomra geal ar na huiscí. |
|
| 33 |
|
| 25 Níl a leithéid eile ar talamh, Créatúr gan eagla. |
|
| 34 |
|
| 26 Féachann sé sa tsúil ar gach ní uaibhreach, Agus is rí é ar mhic an díomais. |
|
|
|
|