Bíobla Naofa 1981
|
| 1 |
| D' fhreagair Iób an Tiarna agus dúirt: |
| 2 |
| Tá a fhios agam gur féidir leat gach ní a dhéanamh, Agus nach bhfuil smaoineamh ar bith caillte ort. |
| 3 |
| «Cé hé seo a cheileann comhairle Le briathar gan eolas?» Uime sin a dúirt mé nithe nár thuig mé, Nithe ró-iontacha narbh eol dom iad. |
| 4 |
| Éist, le do thoil, agus labhróidh mé; «Cuirfidh mise ceist, agus tabhairse dom an t-eolas.» |
| 5 |
| Ní raibh agam ort ach clos tráchta, Ach anois chonaic mo shúile cinn thú. |
| 6 |
| Ar an ábhar sin, séanfaidh mé mo bhriathra féin, Agus déanfaidh mé aithrí sa deannach agus sa luaithreach. |
| 7 |
| Nuair a bhí an méid sin ráite ag an Tiarna le Iób, dúirt an Tiarna le hEilífeaz ó Théamán: «Tá fraoch feirge orm i d' aghaidhse agus in aghaidh do bheirt chairde, mar nár inis sibh an fhírinne fúm faoi mar a rinne mo shearbhónta Iób. |
| 8 |
| Faighigí, dá bhrí sin, seacht dtarbh agus seacht reithe agus téigí go dtí mo shearbhónta Iób, agus ofrálaigí íobairt uileloiscthe ar bhur son féin; agus déanfaidh mo shearbhónta Iób guí ar bhur son. Éistfidh mé lena impí gan bhur mbaois a agairt oraibh nár inis sibh an ceart fúm faoi mar a rinne mo shearbhónta Iób.» |
| 9 |
| D' imigh Eilífeaz óThéamán, Bildead ó Shiúach, agus Zófár ó Namát, leo d' fhonn déanamh mar a d' ordaigh an Tiarna, agus ghlac an Tiarna le guí Iób. |
| 10 |
| Thug an Tiarna a mhaoin go léir ar ais do Iób, mar gur ghuigh sé ar son a chairde: agus thairis sin, thug an Tiarna dhá oiread a raibh aige cheana do Iób. |
| 11 |
| A dheartháireacha go léir agus a dheirfiúracha go léir, agus gach duine a raibh aithne acu air roimhe sin tháinig siad go léir á fhiosrú, agus shuigh siad chun boird leis ina theach. Bhí siad go báúil cneasta leis, ag tabhairt sóláis dó de bharr an oilc go léir a thug an Tiarna sa mhullach air. Thug gach duine díobh bonn airgid agus fáinne óir dó. |
| 12 |
| Bheannaigh an Tiarna Iób i ndeireadh a shaoil thar mar a rinne i dtosach, ionas go raibh ceithre mhíle déag caora agus sé mhíle camall agus míle cuingir damh, agus míle asal baineann aige. |
| 13 |
| Agus bhí seachtar mac agus triúr iníon aige. |
| 14 |
| Thug sé Imíomá ar an gcéad iníon, Cizíá ar an dara hiníon, agus Ceirin Hapúc ar an tríú hiníon. |
| 15 |
| Agus ní raibh le fáil sa tír uile mná chomh sciamhach le hiníonacha Iób. Agus thug a n-athair oidhreacht dóibh i measc a ndeartháireacha. |
| 16 |
| 16a Agus mhair Iób ina dhiaidh sin nó go raibh sé céad agus daichead bliain, go bhfaca a chlann féin agus clann a chlainne go dtí an ceathrú glúin. |
| 17 |
| 16b Agus mar sin d' éag Iób sa deireadh agus é ina sheanóir agus anonn sna blianta lána. |
|
| Sábháil Nótaí |
https://beblia.bible:81/BibleAudio/irish/job/042.mp3
42
42