|
| 1 |
|
| Cuir do ghlao suas anois; an bhfuil aon duine le freagra a thabhairt ort? Cé acu do na [haingil] chuig a gcasfaidh tú? |
|
| 2 |
|
| Maraíonn an faltanas an t-amadán Agus básaíonn an formad an duine baoth. |
|
| 3 |
|
| Nuair a chonaic mé duine ceanndána, Chuir mé mo mhallacht ar a áitreabh gan mhoill: |
|
| 4 |
|
| «Is fada a bheidh an conách óna chlann; brúfar sa gheata iad, gan fear a dtarrthála. |
|
| 5 |
|
| Beidh cíocras air chun a fhómhair, Ach scuabfaidh Dia ar shiúl é le haicíd. Beidh siad ag tnúthán lena maoin, agus íota orthu.» |
|
| 6 |
|
| Óir ní eascrann urchóid ón ithir, Ná ní phéacann anró as an talamh, |
|
| 7 |
|
| Ach sé an duine a ghineann anró dó féin, Mar a eitlíonn na badhbha in airde. |
|
| 8 |
|
| Uime sin is chun Dé a ghairmfinn Agus is dó a nochtfainn mo chúis; |
|
| 9 |
|
| (Déanann seisean éachtaí gan áireamh, Iontais nach féidir a ríomh.) |
|
| 10 |
|
| Dáileann sé fearthainn ar an talamh Agus seolann uiscí ar na bánta. |
|
| 11 |
|
| Ardaíonn sé na daoine ísle Agus tógann lucht an bhróin go buaic an áthais. |
|
| 12 |
|
| Cuireann sé bearta na gcealgairí amú, I dtreo nach ritheann le hiarrachtaí a lámh. |
|
| 13 |
|
| Ceapann sé an mhuintir ghlic i ngaiste a ngliocais, Agus teipeann go grod ar scéimeanna na gcladhairí. |
|
| 14 |
|
| Bíonn dorchadas rompu sa lá Agus bíonn siad ag amharcaíl oíche um mheán lae. |
|
| 15 |
|
| Fuasclaíonn sé an neamhurchóideach óna gcraos, Agus an bocht ó láimh an chumhachtaigh. |
|
| 16 |
|
| Fágann sin dóchas ag an dearóil, Agus a chlab dúnta ag an éagóir. |
|
| 17 |
|
| Is méanar go deimhin don té a cheartaíonn Dia; Ná diúltaigh dá bhrí sin do smachtú an Uilechumhachtaigh, |
|
| 18 |
|
| Óir goineann sé, ach cuireann ceirín leis an gcréacht; Buaileann sé buille, ach tugann a lámh cneasú. |
|
| 19 |
|
| Déanfaidh sé thú a fhuascailt faoi a sé ó thrioblóid, Agus faoi a seacht, ní bhainfidh urchóid leat. |
|
| 20 |
|
| Fuasclóidh sé ón mbás thú in am an ghorta, Agus ón gclaíomh in am an chogaidh. |
|
| 21 |
|
| Beidh tú i bhfolach ó sciúirse na teanga, Agus ní chuirfidh an [ropaire] scéin ort nuair a thiocfaidh sé. |
|
| 22 |
|
| Déanfaidh tú gáire [faoin tiormach agus faoin sioc], Agus ní bheidh eagla ort roimh ainmhithe allta. |
|
| 23 |
|
| Beidh conradh agat le clocha an ghoirt, Agus beidh síocháin agat le hainmhithe an bháin. |
|
| 24 |
|
| Beidh a fhios agat go bhfuil do bhoth slán, Agus fiosróidh tú do chró agus ní bheidh aon ní ar iarraidh. |
|
| 25 |
|
| Feicfidh tú do shíol ag síolrú, Agus do shliocht mar fhéar an bháin. |
|
| 26 |
|
| Rachaidh tú isteach i d' uaigh i bhfómhar aibí do bhlianta, Mar a bhíonn ag an bpunann arbhair sa chruach i dtráth. |
|
| 27 |
|
| Féach, rinneamar é seo a iniúchadh; mar sin atá; Éist leis; tabhair aird go maith air. |
|
|
|
|