|
| 1 |
|
| Ansin d' fhreagair Iób agus dúirt: |
|
| 2 |
|
| Uch gan mo dhoilíos á mheá, Agus gan m' anró go léir a chur sa mheá le chéile. |
|
| 3 |
|
| Ba throime é ná gaineamh na trá Sin é a chuir mo bhriathra le buile. |
|
| 4 |
|
| Tá saigheada an Uilechumhachtaigh i ngreim ionam, Agus mo spiorad ag diúl a nimhe. Tá uafáis Dé in eagar i m' aghaidh. |
|
| 5 |
|
| An ligeann an t-asal fiáin glao as nuair a fhaigheann sé féar? Nó an damh búir os cionn a choda? |
|
| 6 |
|
| An n-itear bia leamh gan salann? Nó an bhfuil blas ar ghealacán uibh? |
|
| 7 |
|
| Diúltaíonn m' anam a shuaimhneas a cheapadh; tá breoiteacht mo choirp á shuaitheadh. |
|
| 8 |
|
| Uch nach gcomhlíontar m' achainí! Agus nach ndeonaíonn Dia mo dhóchas dom! |
|
| 9 |
|
| Go mba thoil le Dia mé a bhascadh, Agus go scaoilfeadh sé lena láimh agus mé a scriosadh. |
|
| 10 |
|
| Bheadh sé fós mar shólás agam Agus bheinn daingean i bpian gan taise Nár shéan mé briathra an té is Naofa. |
|
| 11 |
|
| Ach cén neart atá ionam le feitheamh? Cad tá i ndán dom le go mbeinn foighneach? |
|
| 12 |
|
| An é neart na gcloch mo neart? An cré-umha í m' fheoil? |
|
| 13 |
|
| Níl cabhair fágtha ionam, Agus d' imigh gach tuiscint uaim dá réir sin. |
|
| 14 |
|
| Nuair a thréigeann a chara an té atá in éadóchas, tugann sé droim láimhe le heagla an Uilechumhachtaigh. |
|
| 15 |
|
| Is fealltach iad mo chairde mar an tuile, Mar leaba na dtuilte a ghabh thart; |
|
| 16 |
|
| Bíonn siadsan ag borradh leis an leac oighir, Nuair a théann an sneachta i bhfolach iontu. |
|
| 17 |
|
| Nuair a thagann an teas, téann siad in éag; Sa bhrothall téann siad ar ceal. |
|
| 18 |
|
| Téann na carbháin as a mbealach á lorg, Imíonn siad faoin bhfásach, agus cailltear iad. |
|
| 19 |
|
| Bíonn carbháin Théamá ag súil leo, Agus is astu a bhíonn a muinín ag buíonta Sheaba. |
|
| 20 |
|
| Cuirtear díomá orthu cé go raibh misneach acu; Tagann siad ansiúd, ach loictear orthu. |
|
| 21 |
|
| A rá is go bhfuil sibh anois gan mhisneach, Go bhfeiceann sibh uafás agus go bhfuil scéin oraibh. |
|
| 22 |
|
| An ndúirt mé libh: «Tugaigí dom!» Nó: «Tugaigí breab ar mo shon as bhur maoin!» |
|
| 23 |
|
| Nó: «Fuasclaigí mé ó láimh an namhad.» Nó: «Saoraigí mé ó ghreim na dtíoránach!»? |
|
| 24 |
|
| Tugaigí teagasc dom, agus beidh mé i mo thost; Taispeánaigí dom cá ndeachaigh mé amú. |
|
| 25 |
|
| Nach bríomhar iad briathra ionraice! Ach cén tairbhe ceartú uaibhse? |
|
| 26 |
|
| An fiú libh focail a cháineadh, Focail éadóchais a imíonn le gaoth? |
|
| 27 |
|
| Is gearr go mbeidh an dílleachta á chur ar cranna agaibh, Agus bhur gcara á dhíol agaibh ina shladmhargadh. |
|
| 28 |
|
| Ach féachaigí orm, anois, le bhur dtoil. Ar ndóigh ní inseoidh mé bréag le bhur mbéal! |
|
| 29 |
|
| Filligí orm anois agus ná déantar éagóir! Sea, filligí, tá mo chúis fós gan breith. |
|
| 30 |
|
| An bhfuil éitheach i mo bhéal? Nach n-aithneodh mo charball blas an mhí-áidh? |
|
|
|
|