×

Bíobla Naofa 1981

Iób 7

1
Nach bhfuil tréimhse dianseirbhíse ag an duine ar talamh? Agus nach cosúil a laethanta le laethanta amhais?
2
Mar dhaor a shantaíonn an scáth, Agus mar amhas a iarrann luach a shaothair.
3
Is amhlaidh a dátaíodh dom míonna mairge gur gearradh amach dom oícheanta buartha.
4
I mo luí dom deirim: «Cá huair a thiocfaidh an lá?» Ar m' éirí dom deirim arís: «Cá huair a thiocfaidh an oíche?» Agus bím do mo chiapadh go comhrac lae agus oíche.
5
Tá míola ag snámh ar mo chorp agus salachar ina bhrat air; Tá mo chraiceann ag scoilteadh agus ag leá leis.
6
Is luaithe mo laethanta ná fearsad fíodóra, Agus tá siad arna gcríochnú gan dóchas.
7
Á, cuimhnigh nach bhfuil i mo bheatha ach puth anála; Ní fheicfidh mo shúile sonas go deo arís.
8
An tsúil a chonaic mé, ní fheicfidh sí mé níos mó. Casfaidh do shúil i mo threo, ach beidh mé ar iarraidh.
9
Mar a scaipeann an néal, agus a imíonn sé ar ceal, Sin mar nach bhfillfidh aníos an té a théann síos go Seól.
10
Ní thagann sé abhaile arís, Agus ní aithneoidh a áitreabh é a thuilleadh.
11
Uime sin ní chuirfidh mé cosc le mo theanga, Labhróidh mé agus mo spiorad á bhuaireamh. Beidh mé ag cáiseamh agus m' anam faoi dhoilíos.
12
An mé an Mhuir nó an Ollphiast A rá is go gcuirfeá lucht faire i mo chúram?
13
Má deirim: «Tabharfaidh mo leaba faoiseamh dom, Agus déanfaidh mo tholg mo phian a bhogadh,»
14
Ansin cuireann tú scéin orm le brionglóidí Agus scanradh le físeanna,
15
I dtreo gur fearr le m' anam folathachtadh, Agus an bás féin ná [caidreamh le] mo chnámha
16
Nuair a rachaidh mé in éag, ní thiocfaidh anam ionam go brách. Lig dom féin, mar níl i mo ré ach puth.
17
Cad tá sa duine le go ndéanfá mór níos fiú de? Nó go dtógfá ceann de?
18
Go ndéanfá fiosrú air gach maidin Agus é a thriail gach nóiméad?
19
Cá fhad go dtógfair díom do shúile Agus ligean dom mo sheile a shlogadh?
20
Abair gur pheacaigh mé, cén dochar duit sin, A fhir faire an chine dhaonna? Cad ab áil leat ag déanamh sprice díom, I dtreo gur ualach ort mé?
21
Cad chuige nach dtógann tú mo pheaca ar shiúl Agus mo choir a mhaitheamh dom? Óir is gearr go luífidh mé sa chré; Agus lorgóidh tú mé, ach ní bheidh mé ann chuige.
Irish Bible 1981
An Sagart 1981 Úsáidtear le cead
:
Sábháil Nótaí