|
| 1 |
|
| D' fhreagair Bildead ó Shiúach ansin agus dúirt: |
|
| 2 |
|
| An rachaidh aon stad ar an gcaint sin agat? Agus ar an ngaoth mhór sin ó do chlab? |
|
| 3 |
|
| An gclaonann Dia an ceart? An bhfiarann an tUilechumhachtach an chóir? |
|
| 4 |
|
| Má pheacaigh do chlann ina aghaidh Thug sé suas faoi smacht a gcoirpeachta iad. |
|
| 5 |
|
| Má théann tú faoi choimirce Dé, Agus achainí a dhéanamh chuig an Uilechumhachtach, |
|
| 6 |
|
| Má bhíonn tú íon ionraic, Ansin músclóidh sé ar do shon, Agus deiseoidh sé áitreabh d' fhíréantachta. |
|
| 7 |
|
| Is íseal a thaibhseoidh do staid ó chiana duit, Agus is mór a bheidh do chonách níos déanaí. |
|
| 8 |
|
| Cuir ceist ar an nglúin a d' imigh romhat, Agus tabhair aird ar sheanchas a sinsear |
|
| 9 |
|
| Fás aon lae sinne, gan aon eolas; Níl inár ré ar talamh ach scáil |
|
| 10 |
|
| Nach ndéanfaidh siadsan thú a theagasc agus labhairt leat, Agus briathra mar seo á rá ó chroí: |
|
| 11 |
|
| An bhfásann an phaipir gan bhogach? An mbláthaíonn geitirí gan uisce? |
|
| 12 |
|
| Staith iad agus iad fós i mbarr a nglaise, Mar is túisce a fheonn siad ná aon lusra. |
|
| 13 |
|
| A dhála sin ag cinniúint lucht dearmaid Dé, Agus mar sin a théann dóchas an choirpigh ar ceal |
|
| 14 |
|
| Níl ina mhuinín ach tráithnín, Agus ina mhisneach ach líon damhán alla. |
|
| 15 |
|
| Cuireadh sé gualainn lena theach agus ní sheasóidh sé. Leagadh sé lámh air, ach ní mhairfidh sé. ABN:15, 18, 16, 17, 19 |
|
| 16 |
|
| Bláthaíonn sé mar phlanda faoin ngréin, Agus sceitheann a phéacaí ar fud a luibhghoirt. |
|
| 17 |
|
| Ach tá a fhréamha in achrann i gcarnán cloch, Agus tá [cónaí air] i measc na gcarraigeacha. |
|
| 18 |
|
| Fuadaigh as a leaba é, Agus séanfaidh sin go bhfaca sí riamh é. |
|
| 19 |
|
| Tiormaíonn [an ghrian] é, féach, Agus fásfaidh a thuilleadh ón talamh. |
|
| 20 |
|
| Ar ndóigh ní dhiúltaíonn Dia don fhíréan, Ná ní thugann lámh chúnta do choirpigh. |
|
| 21 |
|
| Beidh cár gáire ort athuair Agus beidh lúcháir ar do bheola. |
|
| 22 |
|
| Beidh náire mar bhrat ar lucht d' fhuatha Agus rachaidh both na gcoirpeach ar ceal. |
|
|
|
|