×

Bíobla Naofa 1981

Salm 10

1
Cad fáth a gcoinníonn tú amach uainn, a Thiarna? Cad fáth a ngabhann tú i bhfolach in am an bhuairimh? Salm 9b
2
Téann an t-éagráifeach ar thóir lucht na hainnise go díomasach agus ceaptar iad siúd sna bearta a bheartaigh sé.
3
Óir maíonn an t-éagráifeach as mianta a chroí: déanann an santach diamhasla agus diúltaíonn don Tiarna.
4
Deireann an drochdhuine le díomas: «Ní dhéanfaidh sé díoltas.» Deir sé ina intinn: «Níl Dia ar bith ann!»
5
Éiríonn an bóthar leis i gcónaí agus is fada óna aigne do bhreitheanna. Is beag aige a naimhde uile.
6
Deir sé ina chroí: «Ní chorrófar mé: Ní bhainfidh míshéan dom go brách.»
7
Bíonn a bhéal lomlán de mhallachtaí agus fós de chealg is de bhréaga: bíonn urchóid is mioscais faoina theanga.
8
Téann sé in oirchill i bhfogas na mionbhailte: dúnmharaíonn sé an neamhchiontach ina ionad folaigh. Bíonn a shúile ag faire an bhochtáin gan taca.
9
Fanann sé faoi cheilt ar nós leoin ina uachais, fanann sé i bhfolach chun breith ar lucht na hainnise: beireann sé ar an ainniseoir agus tugann ina líon é.
10
Cromann sé chun léim a thabhairt agus titeann an t-anbhann le treise a lámh.
11
Deir sé ina chroí: «Ní cuimhin le Dia; folaíonn sé a aghaidh, ní fheiceann dada.»
12
Éirigh, a Thiarna! Tóg do lámh, a Dhia! agus ná déan dearmad ar lucht na hainnise.
13
Cad chuige don choirpeach drochmheas a chaitheamh le Dia, á rá ina chroí: «Ní imreoidh sé díoltas»?
14
Feiceann tusa an trioblóid is an buaireamh ionas go bhféadfá cúram a dhéanamh díobh. Is ortsa atá a sheasamh ag an ainniseoir, is tú a thugann cúnamh don dílleachta.
15
Déan cumhacht an éagráifigh agus an urchóidigh a bhriseadh, agair a n-urchóid orthu go ndéanfar a milleadh.
16
Is é an Tiarna is rí go brách na breithe; rachaidh na ciníocha ar ceal as a fhearann.
17
Éistfidh tú, a Thiarna, le mianta na mbocht; daingneoidh tú a gcroí agus tabharfaidh tú cluas dóibh,
18
a sheasamh ceart na ndílleachtaí is an dream a d' fhulaing éigean ionas nach mbeadh an saoltánach ina chúis sceimhle dóibh feasta.
Irish Bible 1981
An Sagart 1981 Úsáidtear le cead
:
Sábháil Nótaí