Bíobla Naofa 1981
|
| 1 |
| Salm buíochais. Gairdígí don Tiarna, a thíortha uile; Salm 99 |
| 2 |
| fónaigí don Tiarna go lúcháireach. Tagaigí ina láthair le hamhráin áthais. |
| 3 |
| Bíodh a fhios agaibh gurb é an Tiarna is Dia ann. Eisean a rinne sinn; is leis féin sinn. Sinne a phobal agus caoirigh a pháirce. |
| 4 |
| Gabhaigí buíochas leis ag dul isteach ina dhoirse daoibh. Siúlaigí isteach ina chúirteanna le cainticí. Tugaigí moladh dó agus móraigí a ainm. |
| 5 |
| Nach maith é go deimhin an Tiarna; maireann a bhuanghrá go brách. Is dílis é ó ghlúin go chéile. |
| Sábháil Nótaí |
https://beblia.bible:81/BibleAudio/irish/psalms/100.mp3
150
100