×

Bíobla Naofa 1981

Salm 101

1
Salm [le] Dáiví. Canfaidh mé faoi dhílse agus fíréantacht duitse, a Thiarna. Salm 100
2
Gabhfaidh mé sa tslí gan mháchail; cathain a thiocfaidh tú? Siúlfaidh mé le croí gan cháim i lár mo thí.
3
Ní chuirfidh mé os comhair mo shúl aon ní suarach. Is gráin liom slí na n-urchóideach; ní bheidh páirt agam leo.
4
Beidh an croí calaoiseach i bhfad uaim; ní aithneoidh mé an t-olc.
5
Fear clúmhillte a chomharsan os íseal, millfidh mé an té sin. Fear na mórchúise agus na mórála, ní fhéadaim cur suas leis.
6
Beidh súil agam le fíréin na tíre a bheith in aontíos liom. An té a shiúlann sa tslí gan máchail, is é a dhéanfaidh fónamh dom.
7
Ní dhéanfaidh fear na ceilge choíche cónaí i mo theachsa. Ní mó ná sin a ligfidh mé don bhréagaire fanacht in éineacht liom.
8
Scriosfaidh mé maidin ar mhaidin peacaigh na tíre; agus dítheoidh mé as cathair an Tiarna lucht déanta an oilc.
Irish Bible 1981
An Sagart 1981 Úsáidtear le cead
:
Sábháil Nótaí