|
| 1 |
|
| A THIGHEARNA, cluinn murnaigh, agus tigeadh mo chomhairc chugadsa. |
|
| 2 |
|
| Ná foluigh hadhuigh orum annsa ló a mbíad a mbuáidhreadh; cláon chugam do chlúas: annsa ló ghairfios mé freagair mé go lúath. |
|
| 3 |
|
| Oír do cnaóidheadh mo láethe mar dheatach, agus atáid mo chnámha ar na losgadh mar thinntéan na teineadh. |
|
| 4 |
|
| Atá mó chroidhe ar na bhúaladh, agus críon mar fhéur; óir do dhearmaid mé marán dithe. |
|
| 5 |
|
| Do bhrígh gotha mo chneaduigh ceangluid mo chnámha dom fheóil. |
|
| 6 |
|
| Is cosmhuil mé ris an bpelicán annsa díothramh: atáim mar ulchabhcan na nuáigneas. |
|
| 7 |
|
| Do ním faire, agus atáim mar ghealbhonn na áonar air mhullach an tighe. |
|
| 8 |
|
| Scannluighid mo naimhde mé air feadh an laói; an drong atá ar meire am aghaidh atáid air a mionnuibh am aghaidh. |
|
| 9 |
|
| Oír a duáigh mé luáith amhuil arán, agus do chomuisg mé mo dheoch ré gul, |
|
| 10 |
|
| Do bhrígh thfeirgesi agus thfiocha: óir do chuir tú súas mé, agus do theilg tú síos mé. |
|
| 11 |
|
| Is cosmhuil mó láethe re scáile noch théarnuighios; agus atáim amhuil féur ar ccríonadh. |
|
| 12 |
|
| Acht tusa, a THIGHEARNA, mairfir go síorruidhe; agus do chuimhne ó ghinealach go ginealach. |
|
| 13 |
|
| Eíreocha tú, do dhéana tú trócaire ar Shion: óir atá aimsir grása do dhéanamh uirrthe, a nuáir chinnte, ar tteacht. |
|
| 14 |
|
| Oír atá dúll ag do sheirbhíseachaibh iona clochaibh, agus do níd truáighe dá luáithreadh. |
|
| 15 |
|
| Ionnus go mbía eagla air na geintibh roimhe ainm an TIGHEARNA, agus air uile ríghthibh na talmhan roimhe do ghlóir. |
|
| 16 |
|
| A nuair chuirfeas an TIGHEARNA Sion súas, do chíthfighear iona ghlóir é. |
|
| 17 |
|
| Dearcfuidh sé air urnaigh na nuirísiol, agus ní tharcuisnighfigh sé a nguidhe. |
|
| 18 |
|
| Scríobhthar so don ghinealeach thiocfas: agus na daóine chruitheochthar molfuid an TIGHEARNA. |
|
| 19 |
|
| Oír dféuch sé a núas ó áirde a náomhthachda; do chonnairc an TIGHEARNA ó na neamhuibh an talamh; |
|
| 20 |
|
| Chum go ccluinfeadh éagnach an phríosúnaigh; go scaóileadh sé clann an bháis; |
|
| 21 |
|
| Dfoillsiughadh anma an TIGHEARNA a Sion, agus a mholadh ann Ierusalem; |
|
| 22 |
|
| Mar chruinneochtar na daóine a néinfheachd, agus na rioghachda, chum seirbhíse do dhéanamh don TIGHEARNA. |
|
| 23 |
|
| Do bhuáidhir sé mo néart annsa tslighe; do ghearraidh sé mo laéthe. |
|
| 24 |
|
| A dúbhairt mé, O mo Dhía, na beir as mé a meadhonn mo laéthe: tré ghinealach na nginealach atáid do bhlíadhnasa. |
|
| 25 |
|
| O thosach do shuighidh tú bunáit na talmhan: agus síad na flaithis oibreacha do lámh. |
|
| 26 |
|
| Meithfidh síad, acht mairfe tusa: rachaid uile a ccaitheamh mar éadach; mar chúlaidh do dhéanair a malairt; agus biáid ar na niomlaóid: |
|
| 27 |
|
| Acht is tusa an tí céadna, agus ní críochnochthar do bhlíadhna. |
|
| 28 |
|
| Coimhneochuid clann do sheirbhíseach, agus daingneochar a sliochd ad fhiaghnuísi. |
|
|
|
|