1
Beannuighe an TIGHEARNA, ó manam. O a THIGHEARNA mo Dhía, atá tú ro árrachtach; re honóir agus re mórdhachd atá tú éaduighthe.
2
Ag cur sholuis mar éadach ort; ag síneadh na bhflaitheas amach mar chúirtín:
3
Noch chuirios annsna huisgeadhuibh a sheomruidhe úachtaracha: noch do ní a charbad do na néulluibh: noch shiubhlas ar sciathanuibh na gaóithe:
4
Ag déanamh spiorad dá ainglibh; teine lasamhuil da mhinistribh:
5
Noch shuighios an talamh air a fhulangaibh, go nach ccorrochuigh é go bráth.
6
Ris a ndubhaigeán mar bhrát dfoluigh tú é: ós cionn na slíabh do sheasadar na huisgeadha.
7
Od achmhusansa do theithiodar; ó ghuth do thoirnighe do dheithfrigheadar rompa.
8
Tíaghaid na sléibhte súas; tigid na gleanta a núas chum a nionaid dórduigh tusa dhóibh.
9
Do chuir tú téora cinnte noch nach sáireachuid síad; go nach fhillfid siad dfolach na talmhan.
10
Noch chuirios toibreacha ann sna gleanntaibh, idir na cnocaibh siubhluid síad.
11
Do bheirid deoch duile ainmhidhe an machaire: coisgid na hassail fhíadhta a ttart.
12
Na bhfochair so chomhnuighios éanlaigh a naiéir, a measg na mbeangán do bheirid a nguth.
13
Fliuchuidh sé na cnuic ó na sheomruidhibh úachtrach: ré toradh hoibreachsa do líonadh an talamh.
14
Do bheir sé air an bhféur fás do náirnéis, agus an luibh chum maitheasa an duine: chum aráin do thabhairt amach as an ttalamh;
15
Noch do gháirdighios croidhe an duine re fíon, bheir ar aghaidh deálrughadh re hola, agus neartuighios croidhe an duine re harán.
16
Atáid croinn an TIGHEARNA sásuighthe; séadair Lebanon, noch do phlanntoigh sé;
17
Mar a ndéanuid a néanlaith a nead: an storc, isé an crann giumhais a thigh.
18
Na cnoic árda is dídean do na gabhraibh fíadhta; agus na cairge do na coininíbh.
19
Do rinne sé an ghealach chum aimsiorrdhacht: is aithne don ghréin a dhul faoí.
20
Cuiridh tú dorchadas, agus biáidh a noidhche ann: is annsin shnáighid amach uile bheathuigh állta na coilleadh.
21
Na leomhuin óga ag búirfidhe chum a gcreiche, ag íarruidh a mbídh ó Dhía.
22
Eirghe an ghrían, tigid siad a ccean a cheile, agus luighid iona nuámhuibh.
23
Rachaidh an duine amach chum a oibre agus chum a sháothair go trathnóna.
24
Ca líon hoibhreacha, a THIGHEARNA! a neagna do rinne tú íad uile: atá an talamh lán dot shaidhbhrios.
25
A nfairge fós adhbhal fhairsing, annsin atá gach ní shnáighios agus ataid dóáirmhe, beathuighe bheaga agus móra.
26
Annsin imthighid na longa: an míol mór, noch do chruthaigh tusa do shúgradh annsin.
27
Feichthid síad uile ortsa; chum a mbeatha do thabhairt dóibh iona ham féin.
28
Do bheir tusa dhóibh é agus cruinnighid síad é: fosclaidh tú do lámh, agus sásuighear íad re maith.
29
Folchuigh tú hadhuigh, agus atáid síad buaidheartha: tairnge tú a nanál air a hais, agus éagaid síad, agus fillid chum a luaithrigh féin.
30
Cuirir do spiorad uáid, agus cruthuighear íad: agus athnúaidhthear aghaidh na talmhan.
31
Bíaidh glóir an TIGHEARNA go síorruidhe: do dhéanaidh an TIGHEARNA lúthghaire iona oibreachaibh.
32
Féuchuidh sé air an ttalamh, agus criothnuigh sé: beanuidh sé leis na sleibhtibh, agus do níd deatach.
33
Canfad don TIGHEARNA an ccéin mhairfiod: canfad salm dom Dhía an ccéin bhíad ann.
34
Bu milis mo smuáintighthe dhathaobhsan: do dhéanad gáirdeachus ansa TTIGHEARNA.
35
Go scriostar na peacthaich amach as an ttalamh, agus nar raibh na cionntuigh ann nios mó. Beannuigh ó manam, an TIGHEARNA. Beannuighe sibhsi an TIGHEARNA.
Irish Bible 1817
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817. Maintained by the British and Foreign Bible Society (BFBS) on behalf of the National Bible Society of Ireland (NBSI) and the Bible Society in Northern Ireland (BSNI)